An Béal Binn - Féile Focal Iorrais (Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead)
Date(s): 6-8 Meitheamh 2014
For More Information, Contact:
Email: khealy@mayococo.ie
Phone: 097-81079
Details:
Beidh filíocht, léimh, filíocht ó bhéal, ceardlanna agus maidhc oscailte i measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl.
I measc na n-aíonna a bheidh i láthair, beidh: Ed Vulliamy, John Banville, John Waters, Tommy Tiernan, Carol Hunt, Donal Ryan, Michael Harding, Geraldine Mills.
Mar chuid de chlár Béal Binn - Féile Focal Iorrais, reáchtálfar seisiún scéalaíochta do pháistí i Leabharlann Bhéal an Mhuirthead ag meánlae ar an Satharn, 7 Meitheamh, i dteannta leis an aoiscéalaí Diarmuid de Faoite. Aisteoir, scríbhneoir agus scéalaí a bhfuil an iomaí duais gnóthaithe aige is ea Diarmuid de Faoite. Tá a chuid scéaltaí atá bunaithe ar mhiotais na hÉireann ach curtha in oiriúint do shaol na linne seo ag cur aoibh ar lucht a éisteachta idir óg agus aosta i gcéin is i gcóngar le dhá bhliain anuas. Bhuaigh bailiúchán scéalta dá chuid, Eachtraí Thuatha Dé Danainn in Éirinn, duais an Oireachtais le déanaí agus ainmníodh é mar an t-aisteoir ar fearr ag an IFTAs dá ról sa tsraith teilifíse Corp + Anam.


