English | Gaeilge || Téacs amháin | A - A - A
Mayo County Library.  Leabharlann Chontae Mhaigh Eo.
Skip to Main Content
  • Fúinn
  • Déan Teagmháil Linn
  • Beartas Príobháideachta
  • Inrochtaineacht Láithreáin Ghréasáin
  • Séanadh
Tá tú anseo: An Leabharlann > Staidéar Áitiúil > Tabhartais > Tabhartais go dtí Nollaig 2008
  • Baile
  • Déan do Leabhair a Athnuachan
  • Leabharlanna Brainse Chontae Mhaigh Eo
  • Staidéar Áitiúil
    • Clanna Mhaigh Eo
    • Tabhartais
      • Tabhartais go dtí Nollaig 2008
    • Litreacha ó Dheoraithe
    • An Gorta Mór i Maigh Eo
    • Foinsí Ginealais
    • Ar Lorg Humbert
    • Suirbhéireacht Chumann Turasóirí na hÉireann
    • Tionscadail maidir le Staidéar Áitiúil
    • Suirbhéanna Talún & Léarscáileanna
    • Leabhair a Foilsíodh
    • Mícheál Mac Daibhéid
    • Cartlann Fhótagrafach
    • Nithe a fuarthas le déanaí
    • Bailiúchán Béaloidis na Scoileanna
    • Bailiúcháin Speisialta
    • Naisc Úsáideacha
  • Foinsí Ginealais
  • Closleabhair ar líne
  • Áit Léitheoireachta
  • Céard atá ar siúl...
  • Leabhair a Foilsíodh
  • Seirbhísí do Pháistí
  • Seirbhísí
  • Seirbhís Leabharlainne do Scoileanna

Cuardaigh an Chatalóg

Nuacht Leabharlainne

  • Léamh le hEoghan Mac Giolla Bhríde
  • Seachtain na Gaeilge i Leabharlanna Mhaigh Eo
  • Ceol Traidisiúnta i Leabharlann Chlár Chlainne Mhuiris

Gach imeacht

Cuir d’ainm ar ár liosta seachadta

Lean an Leabharlann air Facebook

Tabhartais go dtí Nollaig 2008

Tabhartais

Is comhlacht formheasta faoi Alt 484 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, í Leabharlann Chontae Mhaigh Eo. Tá faoiseamh cánach ar fáil do dhaoine aonair, nó do chorparáidí, mar thabhartais airgid ar luach idir €100 agus €1000.

Fuarthas na tabhartais seo a leanas:

Fuair Leabharlann Chontae Mhaigh Eo, trí Betty Solan, Uasal, Coillte Mach, bronntanas de shaothar an Ollaimh James Carney, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, nach maireann. Is mó an cháil atá ar an Ollamh Carney de bharr na n-aistriúchán a rinne sé ar shaothar léannta na Gaeilge agus de bharr a bheith ina eagarthóir ar luathfhilíocht na Gaeilge.  Is ó mhac an údair, an Breitheamh Paul Carney, a fuarthas an bronntanas, agus i measc an ábhair atá ann tá bailiúchán litreacha a fuair a athair ó acadóirí ardchéimiúla agus iad ag plé a chuid saothair.

Tá bronntanas álainn de shraith priontaí ón naoú haois déag faighte ag Leabharlann Chontae Mhaigh Eo ó Maggie Blanck, Brooklyn, Nua-Eabhrac. Is as roinnt nuachtán na priontaí lena n-áirítear The Illustrated London News, Harpers Weekly agus The Graphic. Tráth roimh ré na grianghrafadóireachta, chuireadh eagarthóirí nuachtán ealaíontóirí ainmniúla chuig gach cearn den domhan chun pictiúir a tharraingt de mhórimeachtaí na linne sin. I measc na radharcanna sa bhailiúchán seo, tá:

Sceitsí in iarthar na hÉireann, Feabhra 1847
Margadh móna i ndeisceart na hÉireann, Eanáir 1880
Cábán iascaire i gConamara, Márta 1880
Sceitsí de mhuintir na tuaithe agus feirmeoirí tionóntachta, Nollaig 1880
Ionad vacsaínithe i gCúige Chonnacht, Nollaig 1880
Roinnt radharcanna a bhaineann le Captaen Boycott
Díshealbhú i gContae Mhaigh Eo, Aibreán 1886
Ar cuairt chuig cábán i gCliara, Aibreán 1886

Chruthaigh an tUasal Blanck suíomh gréasáin a bhaineann le stair a teaghlaigh, agus tá go leor de na priontaí ón mbailiúchán le feiceáil ann.  Ní gá ach cliceáil ar http://www.maggieblanck.com/  (nasc seachtrach: osclaítear fuinneog nua).  Is mian le Leabharlann Chontae Mhaigh Eo buíochas a ghabháil leis an Uasal Blanck as ucht a fialmhaireachta.

Fuarthas na bronntanais seo a leanas chomh maith:

  • Daonáireamh 1911 do pharóiste Bhuiríos Umhaill – bronnta ag William G. Masterson, Indianapolis, SAM.

  • Páipéir Leamhcán (maidir le teaghlach Bingham) – bronnta ag Leabharlann Choláiste na Ollscoile, Gaillimh

  • Páipéir Stock (maidir leis an Easpag Stock i 1798) – bronnta ag Leabharlann Choláiste na hOllscoile, Gaillimh

  • Peronnick the Fool le George Moore; cóip shínithe d’eagrán teoranta – bronnta ag The George Moore Society.

  • Bailiúchán leabhar, físeán agus dlúthdhioscanna a bhaineann le siondróm Down – bronnta ag The Downs Syndrome Association

  • Tabhartas €762 chun leabhair a cheannach faoi shláinte ban do Leabharlann Fuaime Acla – bronnta ag Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla

  • Prionta de Kate O’Rourke, Máistreás Poist, Baile an Róba agus a fear céile Thomas Fitzpatrick, fear gnó, Baile an Róba c. 1900 – bronnta ag Kay Brennan, Bóthar na Cé, Inis Crabhann, Co. Shligigh.

  • The Communion Book of Services of the Church of Ireland – bronnta ag an Dr. McCarthy

  • Cóipeanna de chomhfhreagras ón Urramach John McGough, Leacach, Co. na Gaillimhe chuig Tiarna Chill Mheáin, an Éill, maidir le tionóntacht fheirm a mhuintire gar do Chaisleán an Bharraigh. – (cóip de fhreagra ó Thiarna Chill Mheáin chuig an Urramach Mc.Gough chomh maith), 1857-1859 – bronnta ag Peggy Concannon, Bóthar Bhaile Uí Fhiacháin, Caisleán an Bharraigh.

  • Bailiúchán mór leabhar ficsin agus tagartha – bronnta ag Mary O’Malley, Gortawalsh, Baile Uí Fhiacháin.

  • An Appeal to the Public le George Robert Fitzgerald, Uasal (ba le Thomas Connolly é agus ceartaithe aige chomh maith), 1782

  • The Career of George Robert Fitzgerald, better known as Fitzgerald the Fire-Eater, in the West of Ireland le Thomas Patrick Faulkner, 1893

  • The Trials of George Robert Fitzgerald and Timothy Brecknock, 1786 (fíordheimhnithe ag James Browne, Ard-Ghiúróir) Bronnta thar ceann William James Valentine Comerford, Dlíodóir, nach maireann, as Tuaim

  • Macasamhla de Chláir Bhaistí na hEaglaise Meitidistí:
    Caisleán an Bharraigh 12 Eanáir 1829 – 9 Bealtaine 1954
    Béal an Mhuirthead Iorras 18 Deireadh Fómhair 1851 – 10 Lúnasa 1861
    Cathair na Mart 5 Aibreán 1853 – 25 Iúil 1861
    Bronnta ag an Urramach Cathal Duffy, Cumann Críostaí Chaisleán an Bharraigh.

  • Localised Pasts and Presents: Critical viewpoints on the making of County Mayo ’s commemorative heritages. Tráchtas M. A. le Michael Quinn 2006.
    Bronnta ag an údar.

  • Albam de 24 sceitse le Sandham Symes, dátaithe 1848. I measc na n-íomhánna tá Leacht Glendenning, Cathair na Mart; Teach Chathair na Mart; Béal an Átha; Príosún Chaisleán an Bharraigh; Pontún; agus Mainistir na Maighne.

  • Resident Magistrate John C. Milling le Donal Buckley. Alt faoi mharú Ghiúistís Chónaithigh i gCathair na Mart sa bhliain 1919, chomh maith le macasamhla cáipéisí a bhfuil baint acu leis.
    Bronnta ag an údar.

  • Carrowbeg Parish of Kilcolman – Some Local History le Martin Duggan Bronnta ag an údar.

Eolas Teagmhála:
Ivor Hamrock
Rannóg na Staire Áitiúla, Leabharlann Chaisleán an Bharraigh, Bóthar Sheáin Uí Mhórdha, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
Teileafón: +353 (0)94 9047953
Ríomhphost: ihamrock@mayococo.ie

 

Gach ceart ar cosaint. Cóipcheart 2001-2012. Ceanncheathrú Leabharlainne, Bóthar Sheáin Uí Mhórdha, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
Teileafón: +353 (0)94 9047922 | Facs: +353 (0)94 9026491 | R-phost: librarymayo@mayococo.ie