Láithreáin Stairiúla
View Document (PDF)
Nótaí ar láithreáin stairiúla i bParóiste Oileán Éadaí, tógtha as Suirbhéireacht Chumann Turasóirí na hÉireann, 1942
Tá eolas breise anseo ar an bhfothrach séipéil san Eanach, Oileán Éadaí, a dhéileálann go príomha leis na ceangail traidisiúnta le Naomh Pádraig. Faoin gceannteideal le haghaidh Tithe stairiúla / Áiteanna adhlactha, tá mír ann faoi dhara pósadh Ghráinne Mhaol, agus de réir Litreacha Uí Dhonnabháin ba é John Burke, fear dúchasach Oileán Éadaí a phós sí. Luann an suirbhéir áfach, de réir na staire gurbh é Risteard an Iarainn an dara fear a phós sí. Tá nótaí ann chomh maith ar Naomh Aodán, a bhfuil an paróiste ainmnithe ina dhiaidh, nótaí ar Naomh Pádraig agus ar Naomh Finian.
Roghnaigh ceann de na catagóirí thíos, le do thoil, chun breathnú ar a thuilleadh eolais ar Shuirbhéireacht Chumann Turasóirí na hÉireann le haghaidh Oileán Éadaí:
Nithe is díol spéise, nósanna, patrúin

