Tithe Móra, Caisleáin & Eastáit
View Document (PDF)
Tithe Móra, Caisleáin agus Eastáit i bparóiste Eadargúil ó Shuirbhéireacht Chumann Turasóirí na hÉireann, 1942
Faoin teideal "Tithe Móra, Caisleáin agus Eastáit" ón Suirbhéireacht do pharóiste Eadargúil, tá nótaí ar Dhiméin Shruthán an Aifrinn ar chladaí Loch Con. Tógadh an teach sin thart ar 50 bliain sula ndearnadh an tsuirbhéireacht do Choirnéal Johnston. Tá trácht chomh maith ar Theach Chaorthannáin, agus deireann an suirbhéir nach bhfuil sé chomh sean sin, nach féidir a bheith cinnte cén uair ar tógadh é agus nach bhfuil sé an-suimiúil. Nuair a rinneadh an tsuirbhéireacht bhí sé i seilbh an Uasal Rivaz, a raibh cónaí air i Sasana.
Roghnaigh ceann de na catagóirí thíos chun tuilleadh eolais a fháil ar Shuirbhéireacht Chumann Turasóirí na hÉireann d’Eadargúil.
Ainfhiosrachtaí, Nósanna, Patrúin

