Seaniarsmaí
View Document (PDF)
Tuairisc ar sheaniarsmaí i mBuiríos Ceara agus i mBaile an Tobair, tógtha as Suirbhéireacht Chumann Turasóirí na hÉireann, 1945
Tá paróistí Bhuiríos Ceara agus Bhaile an Tobair saibhir i réimse na seaniarsmaí, go h á irithe an líon foirgnimh is mó díol spéise ó thaobh na staire de atá iontu. Áirítear iad seo a leanas orthu:Caisleán Cheara: a thóg muintir Standúin ar leo Caisleán na mBúrcach agus Caisleán Kanturk i mBéal Átha hÉin . Cuireann an suirbhéir tuairisc m h ionsonraithe den fhoirgneamh ar fáil agus imlíne dá stair.
Mainistir Bhaile an Tobair: Tugtar tuairisc m h ionsonraithe de ghnéithe ailtireachta an fhoirgnimh, chomh maith le sceitsí. Téann stair an fhoirgnimh siar go dtí an t-am ar bunaíodh é i 1216.
Mainistir Bhuiríos Ceara: Tugtar tuairisc m h ionsonraithe den fhoirgneamh le sceitse agus imlíne dá stair. Creidtear gurbh iad muintir Standúin a thóg í.
Caisleán na mBúrcach: Arís, tugtar tuairisc mhionsonraithe den fhoirgneamh chomh maith le sceitsí. Ba le teaghlach Standúin é agus aistríodh ar aghaidh é faoi dheireadh chuig Theobald Burke, mac le Gráinne Mhaol agus “Tibot na Long” mar is fearr aithne air. Is féidir plé níos faide ar Tibot na Long a fháil sa chuid ar Láithreáin Stairiúla - féach ar na naisc thíos.
Foirgnimh eile agus seaniarsmaí a liostáiltear sa chuid seo ná Caisleán Bhaile na mBúrcach , Castle Island i Loch Ceara, fothrach séipéil i mBuiríos Ceara, i mBaile na mBúrcach, i Cogaula agus in Church Island agus uaigheanna an Ghorta Mhóir i dTamhnaigh na Graí agus i gCoill an Bhaile .
Roghnaigh ceann de na catagóirí thíos, le do thoil, chun breathnú ar a thuilleadh eolais ar Shuirbhéireacht Chumann Turasóirí na hÉireann le haghaidh Bhuiríos Ceara agus Bhaile an Tobair:
Nithe is díol spéise, nósanna, patrúin

