Fóntais & Eolais Ginearálta
View Document (PDF)
Liosta Fóntas agus Eolas Ginearálta ar Ghob an Choire ó Shuirbhéireacht Chumann Turasóirí na hÉireann, 1942
View Larger Image.
Grainghraf de thionscadal cniotála Naomh Colmán, Dumha Acha
Gné an-luachmhar de Chumann Turasóirí na hÉireann ná go dtugann sé pictiúr dúinn d’áit ag am ar leith sna 1940idí. Tá an méid sin fíor ach go háirithe maidir leis an eolas a soláthraíodh i bhFoirm D den tsuirbhéireacht, "Fóntais agus eolas ginearálta, bailte agus sráidbhailte (seachas iad sin ar thaobh na farraige)".Tá eolas sna foirmeacha sin faoi na ceannteidil seo a leanas:
Láthair agus cur síos gairid, seirbhísí Poiblí, Damhsa, Pictiúrlanna agus amharclanna, leabharlanna, Séipéil agus seirbhísí, saoráidí Poist, Baincéireacht, soláthairtí Spóirt agus grianghraf, Linnte snámha, clubanna Sóisialta, cumainn chultúrtha, Tionscnaimh agus ceirdeanna láimhe, Séadchomharthaí Poiblí, Foirgnimh phoiblí thábhachtacha, Scoileanna agus coláistí, Ospidéil, Aontaí agus margaí, Garáistí agus stáisiúin pheitril, Gléasanna Iompair ar cíos, Láithreáin champála.
Ní haon ionadh é nach mbeidh eolas ar na bailte níos lú faoi chuid de na teidil seo, ach ar an iomlán cuireann siad go mór le stair shóisialta na háite.
Liostaíonn an fhoirm do Ghob an Choire Tionscal Cniotála Naomh Colmán faoi thionscail, cé go raibh sé lonnaithe i nDumha Acha
Foirm D do Bhun an Churraigh agus An Caiseal
Ar an bailte eile a chlúdaíonn an chuid seo de shuirbhéireacht Acla, seachas Gob an Choire tá Bun an Churraigh agus An Caiseal. Is féidir leat cóip den bhunfhoirm a fheiceáil ach cliceáil ar na naisc thíos.Fóntais agus Eolas Ginearálta do Bhun an Churraigh
Fóntais agus Eolas Ginearálta do An Caiseal
Chun tuilleadh eolais a fháil ar Fhóntais agus ar Eolas Ginearálta a phléitear sa tsuirbhéireacht cliceáil ar Thrábhailte.
Roghnaigh ceann de na catagóirí thíos, le do thoil, chun breathnú ar a thuilleadh eolais ar Shuirbhéireacht Chumann Turasóirí na hÉireann le haghaidh Acaill:

