Daonearraí, Feirmeoireacht, Iascaireacht agus Tithíocht
Tá cur síos sa chuid seo den tsuirbhéireacht ar sheanchineálacha áiteanna cónaithe agus áiteanna cónaithe níos nua-aimseartha a bheadh tipiciúil ar an oileán seo. Déantar mionchur síos ar eilimintí struchtúrtha na dtithe agus ar an dearadh foriomlán. Léirítear modhanna agus córais fheirmeoireachta agus iascaireachta agus tá nótaí ar cheirdeanna ar nós caoladóireacht agus déantús curach. Bhí béim phraiticiúil den chuid is mó ar na ceirdeanna sin mar gur baineadh úsáid astu i bhfeirmeoireacht agus in iascaireacht, mar shampla potaí gliomaigh, cléibh etc. Chun an téacs iomlán a léamh cliceáil ar Daonearraí, Feirmeoireacht, Iascaireacht agus Tithíocht
Chun an téacs a léiriú cuireadh roinnt sceitsí de thithe, uirlisí feirme agus iascaireachta leis.
Ar deireadh, is féidir roinnt grianghraf ábhartha a tógadh i rith na suirbhéireachta a fheiceáil trí chliceáil ar na teidil mar atá sa liosta thíos.
Seanchineál Tí in AcaillTeachín Nua-aimseartha in Acaill
Capaillín le Cléibh
Bothán le dian fód chun leasú a dhéanamh
Páirceanna Cnámhfhód i ngar don Ghleann, Acaill