Conláistí & Eolas Ginearálta
View Document (PDF)
Conláistí pobail agus eolas ginearálta maidir le Paróiste Thurlaigh de réir Shuirbhéireacht Chumann Turasóireachta na hÉireann, 1945.
Áirítear dhá Fhoirm D sa suirbhé ar pharóiste Thurlaigh. Tugtar liosta na gconláistí i sráidbhaile Thurlaigh ar cheann acu agus sa cheann eile tugtar liosta na gconláistí sa chuid eile den pharóiste.
Níl mórán conláistí ar liosta shráidbhaile Thurlaigh seachas an scoil agus Oifig an Phoist. Tá an séipéal is gaire suite sa Pháirc. Luann an suirbhéir go mbíodh aonaigh ar siúl i mí Iúil agus Lúnasa ach nach raibh aonach ann le trí bliana sula ndearnadh an suirbhé sa bhliain 1945.
Áirítear scoil agus séipéal na Páirce agus scoil náisiúnta an Chorráin ar na conláistí a chuirtear ar an dara fhoirm a phléann leis an gcuid eile den pharóiste.
Roghnaigh ceann de na catagóirí thíos, le do thoil, chun tuilleadh eolais a fháil ar Shuirbhéireacht Chumann Turasóireachta na hÉireann, maidir le paróiste Thurlaigh:


