Seaniarsmaí
View Document (PDF)
Seaniarsmaí i gConga agus an Éill, ó Shuirbhéireacht Chumann Turasóireachta na hÉireann, 1945
Tá 14 leathanach san iomlán sa chuid den tsuirbhéireacht a phléann seaniarsmaí Chonga agus na hÉille, agus dá bhrí sin tá cuid den ábhar liostáilte faoi cheannteidil éagsúla i dtreo is go mbeidh sé níos éasca teacht air. Tá na chéad 5 leathanach den chuid seo liostáilte faoi "Mhainistir Chonga". Tá na seaniarsmaí sna hoileáin éagsúla liostáilte san fho-rannóg "Oileáin i Loch Coirib agus Loch Measca". Tá an chuid eile de rannóg na sesaniarsmaí le léamh anseo, agus gheofar in a measc:
- Séadchomharthaí cloiche:- Carn Chill Odhar, Ciorcail Ghort na Caillí, Carn Bhaile Mhic Giobúin, Carn an Aonfhir, Gort na nIománaithe, Cloch Fhada na hÉille.
- Uaimheanna talún:- An Lisín Ard, Cill Ghoin Bheag, Uaimh Attyrickard, Cathair Riobaird.
- Fothracha eaglaisí ársa:- Killarsagh, Cill Fraocháin, Cill Molára, Baile an Chalaidh, Cathair Niocóil.
- Caisleáin:- Caisleán Chonga, Caisleán Loch Measca, Caisleán Inis Meáin, Caisleán na hÉille, Caisleán agus Séipéal na Croise Thoir – Attyrickard, Caisleán Achadh Leathard, Caisleán Bhaile Uí Chadhain.
- Cailísí, crosa srl.:- Tugtar cur síos ar roinnt cailísí a bhí i seilbh chléir Chaitliceach an pharóiste mar aon le cros déanta as dair phortaigh a bhí i seilbh an Athar Ó Néaraigh, P.P. Conga. Tá cur síos ar Chros an Mhargaidh i gConga chomh maith.
Seo a leanas ceannteidil na suirbhéireachta. Ní gá ach gliogáil ar cheannteideal chun an chuid sin den tsuirbhéireacht a léamh.
Oileáin i Loch Coirib agus Loch Measca


