Oileán na Cathrach
View Document (PDF)
Cuntas ar thírdhreach, ar gheolaíocht agus ar sheaniarsmaí Oileán na Cathrach, tógtha as Suirbhéireacht Chumann Turasóireachta na hÉireann, 1944
Tá cuntais ar thírdhreach, ar gheolaíocht agus ar sheaniarsmaí sa chuid ar Oileán na Cathrach. Áirítear ar na seaniarsmaí a liostáiltear Teampall Phádraig, (aireagal beag a cheanglaítear go traidisiúnta le Naomh Pádraig), Bóthar na Naomh agus Tobar Mhuire, tobar beannaithe a cheanglaítear le Naomh Pádraig chomh maith.
Tugtar sceitsí de Theampall Phádraig agus de shéadchomharthaí eile ar Oileán na Cathrach leis an téacs. Chun breathnú ar na sceitsí, cliceáil ar an nasc thíos.
Roghnaigh ceann de na catagóirí thíos, le do thoil, chun breathnú ar a thuilleadh eolais ar Shuirbhéireacht Chumann Turasóireachta na hÉireann le haghaidh Cliara:
Nithe is Díol Spéise, Nósanna, Patrúin


