Fóntais agus eolas ginearálta
View Document (PDF)
Fóntais i gCeathrú an Chaisil, ó Shuirbhéireacht Chumann Turasóireachta na hÉireann, 1944
Bhí sráidbhaile Cheathrú an Chaisil chomh beag sin gurbh "...ar éigin is a bhí an teideal 'sráidbhaile' tuillte aige". Séipéal, teach sagairt, siopa amháin, halla, agus tuairim is sé theach a bhí ann ag an am.Ar ndóigh, ní raibh a dhath ann ó thaobh fóntais pobail de.Níl trácht ar aon scoileanna sa cheantar.Is spéisiúil go bhfuil trácht ar mhonarcha paitíní sa rannóg "Tionscail agus lámhcheirdeanna", é suite gar do Bhaile Chathail ach i bparóiste Cheathrú an Chaisil.An tUasal Parsons as Baile Chathail an t-úinéir.
Roghnaigh ceann de na catagóirí a leanas chun tuilleadh eolais ar Cheathrú an Chaisil ó Shuirbhéireacht Chumann Turasóireachta na hÉireann a léamh:


