Spórt agus Cluichí

View Document (PDF)
Sonraí ar spórt agus ar chluichí i mBaile Uí Fhiacháin, tógtha as Suirbhéireacht Chumann Turasóireachta na hÉireann, 1942
Tá iontrálacha sa chuid seo le haghaidh Bhaile Uí Fhiacháin agus Mhala Raithní. Mar is gnách, déileáiltear go mion le slatiascaireacht ach thairis seo ní raibh mórán clubanna ná háiseanna spóirt ann. Áirítear ar an liosta, club C.L.G. Bhaile Uí Fhiacháin, geallta bád Bhaile Uí Fhiacháin, Cumann Gailf Mhala Raithní agus billéardaí príobháideacha, leadóg agus leadóg bhoird in Óstán an GSR, Mala Raithní. Is féidir breathnú ar an bhfoirm do Mhala Raithní anseo:
Spórt agus cluichí, Mala Raithní
Cuirtear sonraí le haghaidh na háiseanna slatiascaireachta ar fáil do na huiscebhealaí seo a leanas:
- Abhainn Bhaile Uí Fhiacháin
- an Abhainn Gharbh
- Abhainn Bhuiríos Umhaill
- Loch Foirnéis
- Loch Fíoch
Cliceáil ar an nasc thíos, le do thoil, chun breathnú ar na sonraí seo.
Slatiascaireacht, Buiríos Umhaill
Liostáiltear thíos na ceannteidil le haghaidh suirbhé Bhuiríos Umhaill. Cliceáil ar an gceannteideal agus osclóidh an leathanach cuí.
Conláistí agus Eolas Ginearálta
Nithe is díol Spéise, Nósanna, Patrúin
Cultúr na nDaoine & Leigheas na nDaoine