Suirbhéireacht Chumann Turasóireachta na hÉireann, Buiríos Ceara agus Baile an Tobair

View Document (PDF)
An chéad leathanach de Shuirbhéireacht Chumann Turasóireachta na hÉireann le haghaidh Bhuiríos Ceara agus Bhaile an Tobair, 1945
Déileáladh le paróistí Bhuiríos Ceara agus Bhaile an Tobair le chéile sa suirbhé. Níl aon bhailte móra ná sráidbhailte sna paróistí seo agus chuige sin níl aon chonláistí poiblí liostáilte sa suirbhé. Níor líonadh isteach aon fhoirmeacha le haghaidh conláistí ná le haghaidh lónadóireachta. Seaniarsmaí agus láithreáin stairiúla an dá ghné is mó díol spéise, agus a lán acu seo ann. Áirítear ar na cinn is aitheanta acu seo Mainistir Bhaile an Tobair, Halla Uí Mhóra, Mainistir Chaisleán Cheara agus Mainistir Bhuiríos Ceara. I roinnt cásanna, tugtar sceitsí tarraingthe le láimh leis na tuairiscí ailtireachta mionsonraithe.
Ba é Donal Faughnan an suirbhéir agus chu i r sé an chuid seo den tsuirbhé i gcrích i 1945.
Liostáiltear thíos na ceannteidil le haghaidh suirbhé Bhuiríos Ceara agus Bhaile an Tobair. Cl iceáil ar an gceannteideal agus osclóidh an leathanach cuí.
Nithe is díol spéise, nósanna, patrúin