Pearsana Mhaigh Eo
An tAimiréal Uilliam de Brún – cuntas gairid ar a shaol
Nuair a rugadh Uilliam de Brún i mBéal Easa, Co. Mhaigh Eo ar 22 Meitheamh 1777, ní bheadh tuairim dá laghad ag a thuismitheoirí go mbainfeadh a mac nuabheirthe clú agus cáil amach i seirbhís stát iargúlta Mheiriceá Theas. Go n-éireodh sé ina laoch náisiúnta, Athair an chabhlaigh acu agus an t-eachtranach is mó le rá ar an mór-roinn a d'aimsigh Columbus, agus go mairfeadh sé go deo i gcroí na ndaoine a thug céim mhór chun na saoirse de bharr a éachtaí gaisciúla ar Abhainn an Plata.
Ní raibh an Brúnach ach naoi mbliana d’aois nuair a tugadh chun na Stát Aontaithe é ag a athair, a fuair bás go gairid ina dhiaidh den fhiabhras buí. Ba léir agus é fós ina óige an gairm a bhí in ann don laoch óg. Níl trácht air arís go dtí go bhfuil sé ag obair mar ghiolla cábáin le seirbhís tráchtála Meiriceánach go dtí 1796, tráth a cuireadh ag obair ar long Bhriotanach é.
Gabhadh mar phríosúnaí é le linn chogaí Napoléon agus coinníodh in Lorient, Metz agus Verdun é. D’éirigh leis éalú ó dhaingean Verdun, agus faoi dheireadh thiar thall shroich sé Sasana.
Thug sé a chéad chuairt ar Abhainn an Plata sa bhliain 1809. Tháinig deireadh lena iarracht a bheith páirteach sa trádáil cois cósta nuair a ghabh údaráis na Brasaíle a long ar fáil amach nach raibh a chuid cáipéisí in ord aige. Nuair a d’fhill sé dhá bhliain níos déanaí ar a long ‘Eloisa’, d'aimsigh sé calaidh na n-abhann imshuite ag na Spáinnigh mar gheall ar an réabhlóid a bhris amach ar 25 Bealtaine 1810, agus bhí Leas-Ríochas an Rio de la Plata ag troid in aghaidh riail na Spáinne. Agus é ag iarraidh an t-imshuí a shárú, thug sé rith cladaigh don ‘Eloisa’ agus briseadh í.
I ndiaidh dó cuairt a thabhairt ar an tSile, cheannaigh an Brúnach scúnar darbh ainm ‘Industria’. Thóg sé teach uathúil cónaithe dá mhuintir thart ar an am seo chomh maith, teach a bhfuil macasamhail dó fós ann agus é ina iarsmalann dá shaol agus dá chuid éachtaí. Thit mí-ádh ar an loingseoir cróga arís nuair a ghabh na Spáinnigh a bhí ag imsuí na habhann a long.
Níor scanraigh aon cheo an t-ábharaimiréal seo, agus bhí sé suite ar mhaitheas a dhéanamh dá chaillteanas. In éineacht le dhá bhád iascaireachta agus dornán mairnéalaithe as Éirinn, Sasana, Albain agus Meiriceá, chuaigh sé ar bord ceann de na loing Spáinneacha a bhí mar chuid den sa imshuí agus rug sé ar ais leis é go buach go Buenos Aires. Chuir na húdaráis spéis sa Bhrúnach de thoradh na héachta seo, agus thairg siad ról mar cheannaire ar chabhlach beag dó. Ní raibh sé le sárú sa phost seo; bhí an Brúnach an t-am sin i mbláth a mhaitheasa, bhí seantaithí aige ar an loingseoireacht agus bhí an-chur amach aige ar bhéal na habhann a bheadh ina shuíomh de na buanna glórmhara a bheadh aige.
Ba é oileán Martin Garcia an chéad sprioc a bhí ag an gcomadóir úr, oileán a thabharfadh ceannasaíocht ar aibhneacha Uragua agus Parana dó. Bhí sé faoi chosaint daingean, agus lárnach don staid mar a bhí sé. Ar 11 Márta 1814 d'ionsaigh sé suíomh na ndílseoirí. Thug sé rith cladaigh dá bhratlong, an ‘Hercules’, i ngaireacht ghunnaí an namhad, ach scaoileadh í agus tháinig sí ar gcúl faoi dheireadh le beagán caillteanais. Tar éis an damáiste a dheisiú agus foireann úr a fháil in áit na bhfear a cailleadh agus a gortaíodh, thug an Brúnach aghaidh ar an gcogadh arís ar Lá Fhéile Pádraig, tháinig sé i dtír ar an oileán agus ghabh sé é.
Ba é an chéad chéim eile dó ná imshuí a thógáil ar Montevideo a raibh faoi léigear ar thalamh ag an am céanna ag fórsaí na dtírghráthóirí faoi cheannas an Ghinearáil Alvear. Le beart cliste, d’éirigh leis an mBrúnach árthaí na Spáinne a mhealladh amach ón ionad a bhí acu, choisc siad an tslí ar ais acu, scaip sé iad go hiomlán, ghabh sé roinnt acu agus cuireadh rith cladaigh ar na cinn eile ar chósta Uragua, áit ar dódh iad. Cúpla lá níos déanaí chuaigh arm na hAirgintíne isteach sa chathair.
Ba é toradh an fheachtais sin, a mhair tuairim is céad lá, ná an chontúirt is mó a bhí ag bagairt ar an réabhlóid a bhaint. Cuireadh an ruaig ar an Spáinn ó Abhainn an Plata an lá sin, agus níor scaoileadh isteach arís iad riamh.
Roinnt blianta anonn, thosaigh cogadh in aghaidh na Brasaíle, agus is ag brath ar an mBrúnach a bhí siad arís. Iarradh air cabhlach a chur le chéile gan ullmhú agus dul i gcoinne fórsaí i bhfad ní b’fhearr. D’ainneoin sin, lean an Brúnach ar shlí na glóire. Ghlac sé páirt i 29 comhrac, roinnt acu níos rathúla ná a chéile, ach is fiú tagairt a dhéanamh do chath Los Pozos a tharla i ngaireacht súl mhuintir Buenos Aires. Bhí aon árthach déag an an mBrúnach an lá sin i gcoinne tríocha haon an namhaid agus fós fuair sé an ceann is fearr orthu, agus nuair a tháinig sé i dtír fuair sé barróg ó Rivadavia. Is léir ón teachtaireacht a leanas, a thug sé dá chabhlach sula ndeachaigh siad isteach sa choibhlint, go raibh spiorad na ceannasaíochta go tréan ann agus grá daingean aige do thír a dhídine.
“A mhairnéalaigh agus a shaighdiúirí na Poblachta. An bhfeiceann sibh thall an sliabh ar snámh? Tríocha haon árthach de chuid an namhad atá ann. Ach ná bíodh in aon amhras faoi, níl faitíos dá laghad ar bhur gceannaire toisc go bhfuil lánmhuinín aige in bhur gcrógacht, agus tá sé ag súil go ndéanfaidh sibh aithris ar an 'Venticinco de Mayo' (bratlong an Aimiréil). A chomhrádaithe, bíodh muinín agaibh as an mbua, coinnigh smacht, agus Dia go deo leis an tír dúchais"
Tá sé ráite faoi chath Juncal – bua cáiliúil eile a bhí age – gurbh é an bua ab fhearr i stair cogaí mara.
Bronnadh gradaim eile ar an mBrúnach ag rialtas Rosas, de bharr chomhraic Costa Brava agus Montevideo.
Ag 2.00 r.n. ar 3 Márta 1857, cailleadh an tÉireannach is fearr dár leag cos ariamh san Airgintín. Tháinig go leor daoine mór le rá ar cuairt chuige le linn dó a bheith tinn roimh a bhás, agus fuair sé ola ón Athair Antaine Ó Fathaigh, Éireannach mór eile a bhfuil dilchuimhne air i measc an phobail Ghael-Airgintínigh.
Ba é an Coirnéal Mitre, a bheadh ina Uachtarán ar an bPoblacht níos déanaí, a thug an óráid ag an tsochraid: “Go móraimid an corp seo, mar is ar an gcloigeann sin, cé go luíonn sé faoi bhrat fuar an bháis, atá coróin mairnéalachta Phoblacht na hAirgintíne, agus mar is sa tréimhse ghairid a raibh sé linn a bhfaighfear iomlán ár n-éachtaí farraige."
Sonraí Teagmhála:
Ivor Hamrock, Rannóg na Staire Áitiúla, Lárleabharlann Chaisleán an Bharraigh, Bóthar Sheáin Uí Mhóra, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
Ríomhphost: Ríomhphost: ihamrock@mayococo.ie Fón: +353 (0)94 9047953


