Tórramh na nEisimirceach sula ndeachaigh siad go Meiriceá
Tórramh na nEisimirceach sula ndeachaigh siad go Meiriceá
B’ionann imirce agus an bás i súile mhuintir na hÉireann. Is nós é an tórramh a bhain le hÉirinn amháin. Ba bheag an difear dar le daoine idir imeacht go Meiriceá agus bás a fháil toisc gur dóigh nach bhfillfeadh an duine go deo as Meiriceá.
Maireann an nós seo ó na 1830idí. Tháinig nós na “faire” (duine marbh a thórramh) in Éirinn ó am na Fiannaíochta. Ba ghnáthamh de chuid dheisceart agus iarthar na tíre é níos mó ná aon áit eile cé go raibh ainmneacha éagsúla acu air. Ghlaoigh cainteoirí Gaeilge Chontae Mhaigh Eo “féile imeachta” air. Déantar cur síos i lámhscríbhinn leabhar nótaí Michael Corduff, arb as Maigh Eo dó, ar an atmaisféar gruama diomachroíoch a bhí ann agus tromosnaí na mban a fhad is gur chaith na fir a bpíopaí chun faoiseamh a fháil ó “the tadium (tedium) and depression of the rather heartsore occasion”

