Teaghlach
Teaghlach
Phós daoine go déanach sa saol agus ba ghnách póstaí réamheagraithe le spréanna i sochaí na hÉireann sa naoú haois déag. Dá mbeadh feirm theaghlaigh fágtha ag an mac ba shine, ní raibh mórán de rogha ag an iníon, mura raibh sí pósta nó ag obair sa tseirbhís, ach dul ag taisteal. Ba é cúrsaí fostaíochta an phríomhchúis go raibh Meiriceá chomh tarraingteach sin. Dúirt bean amháin, nócha a naoi bliain d’aois, as Maigh Eo in agallamh a rinne sí le Coimisiún Béaloidis Éireann gur cuimhin léi a deirfiúr ag dul ar imirce i 1865 mar “nach raibh aon obair di sa bhaile”. Bhí Meiriceá i ndán do dhaoine gan spré chomh maith. B’ansin a bhíodh deis níos fearr acu fear a fháil nach mbeadh an oiread sin suime aige in airgead mar a bhí an scéal in Éirinn. Scríobh bean amháin, a bhris suas lena hiarleannán agus a d’imigh léi go Filadeilfia, litir chuige agus dúirt, “In Éirinn, pósann daoine ar mhaithe le saibhreas, ach anseo i Meiriceá, pósaimid mar gheall ar ghrá agus oibrímid ar mhaithe le saibhreas”.
D’oibrigh mná gan pósadh den chuid is mó sa tseirbhís baile agus i monarchana. I 1900 seo mar a rinneadh taifead ar chéatadán na mban a rugadh in Éirinn a bhí ag obair i ngairmeacha éagsúla i Stáit Aontaithe Mheiriceá:
Seirbhís = 70.4
Déantúsaíocht = 20.1
Gairmiúil = 3.3
Talmhaíocht = 2.8
Iomlán = 96.6
(Foinse: Coimisiún Dillingham, 1907-1910)
Cé gur phós mná, arbh inimircigh Éireannacha iad, ní ba lú agus ní ba dhéanaí ná Meiriceánaigh eile, bhí a ráta breithe ard. Ar phósadh dóibh, stop mná ag obair agus stad siad de bheith ag saothrú ioncaim. Cé gur oibrigh mná Éireannacha pósta ar thuarastal faoi éigeantas – nuair a bheadh a gcéilí ar éagumas nó nuair a dtréigtí iad – bhí an ráta b’ísle fostaíochta ag mná pósta as Éirinn. Go minic scoiltfí teaghlaigh dá mbeadh ar an bpríomhshaothróir bogadh chuig stát eile ag lorg oibre.
Bhí ar mhná pósta teaghlaigh mhóra a thógáil ar thuarastal íseal Mheiriceá. Ní minic a d’oibrigh siad taobh amuigh den teach ar chúiseanna cultúrtha agus creidimh chomh maith leis an gcúis ba phraiticiúla go raibh orthu aire a thabhairt dá leanaí. Ach mura théidís ag obair bheadh díshealbhú i ndán dá leanaí agus caolocras fiú. Dhá bhealach chun ioncam a shaothrú ná lóistéirí a thabhairt isteach nó a bheith ag níochán. Ba mhinic a chuirtí leanaí chomh hóg le dhá bhliain déag amach ag obair in imthosca dainséaracha i monarchana chun ioncam a shaothrú. Chabhraigh carthanachtaí ar nós Naomh Uinseann de Pól in imthosca mar sin. Uaireanta, d’fhágfadh máithreacha a leanaí sa bhaile agus théidís amach ag obair. B’ionann tuarastal do mhná pósta a bhí ag obair taobh amuigh den teach agus seacht nó ocht dollar in aghaidh na seachtaine.

Grúpa seirbhísigh teaghlaigh ag tús an fichiú haois. Bhí seirbhís ar an gcatagóir ba mhó a raibh mná Éireannacha ag obair inti sna Stáit Aontaithe ag an am sin.
B’inmholta mar a dhéanann an staraí Éireannach mór le rá, Tim Pat Coogan, cur síos ar chás na mban Éireannach mar seo a leanas:
“Go ginearálta, ag tús an chéid bhí mná singile ag obair mar shearbhóntaí agus freastalaithe; bhí baintreacha agus banchéilí tréigthe ag obair i dtionscal, ach in Chicago, mar aon le háiteanna eile, bhí formhór na bpost a bhí ar fáil i múinteoireacht, teicstílí, cléireachas agus díolachán sna siopa á ndéanamh ag mná ó thíortha éagsúla. Faoi 1900, cé nach raibh ach an t-ochtú cuid de dhaonra Chicago a rugadh i dtíortha eachtracha comhdhéanta d’Éireannaigh, b’Éireannaigh an daonra ba mhó a bhí ag obair mar shearbhóntaí agus freastalaithe. Bhíodh ar na searbhóntaí teaghlaigh cónaí sa teach agus ní raibh cead acu leanaí a bheith acu. Cuireadh cosc ar shearbhóntaí teaghlaigh ‘Cuairteoirí Fear’ a bheith acu. Ní raibh na scileanna cócaireachta ná eolaíochta baile a bhí ag teastáil ó fhostóirí saibhre Meiriceánacha ag “Brigid” (mar a thugtaí ar shearbhóntaí teaghlaigh Éireannacha) ach go ginearálta d’oibrigh sí go dian, bhí sí cliste agus bhí fonn uirthi foghlaim agus a cuid airgid a shábháil. Agus í ina cónaí sa teach bhí sí in ann airgead a shábháil do spré nó chun duine níos óige sa teaghlach a thabhairt anonn go Meiriceá as Éirinn.”
Scríobh bean fhuinniúil amháin ag a huncail in Denver i 1846 nach amháin go raibh sí ag tógáil deichniúr leanbh ach go raibh sí freisin ag cabhrú lena fear lean gcuid leanaí féin. “Is gnáththír tiománta í seo” a scríobh sí. “Ní mór do dhaoine le beagán acmhainn coinneáil ag imeacht an t-am ar fad”. Rinne Elizabeth Dolan, searbhónta teaghlaigh, gearán go raibh a máistreás “an-dian” agus go raibh sí ag iarraidh ar na cailíní a bheidh “ag obair ó sé a chlog ar maidin go dtí 10 nó 11 san oíche” agus go mbíodh sí “ag tabhairt amach choíche”. “Cibé a dhéanann tú ná bí i do shearbhónta.... beidh tú i do phríosúnach go deo agus beidh daoine ag caitheamh anuas ort”.
Ba é an t-oideachas an tslí amach do mhná bochta a bhí ar imirce. Sholáthair an eaglais an t-oideachas sin. Ach in áit cabhrú leis na hinimircigh fanacht dílis dá gcultúr féin ba chultúr Caitliceach a chur na mná rialta ar fáil. Mar a deireann Deirdre Mageean “Níor chuir lucht reiligiúnach na hÉireann céannacht eitneach ar fáil, go deimhin, luathaigh siad comhshamhlú na n-imirceach Éireannach chuig an saol i Meiriceá”.
Luann Mageean chomh maith go bhfuair na cailíní as Éirinn níos mó oideachais ná a deartháireacha nó leanaí na n-inimirceach as tíortha eile. Léiríonn figiúirí tinrimh na scoileanna náisiúnta sa bhliain 1900 go raibh i bhfad níos mó cailíní arbh Éireannaigh a n-aithreacha ag freastal ná mar a bhí iníonacha aithreacha a rugadh i dtíortha eile. Chuaigh go leor de na cailíní isteach sa chlochar nó le múinteoireacht iad féin. Bhí roinnt acu ina mná rialta ag freastal ar dhaoine bochta agus dealbhacha agus ag tabhairt cuairte ar na bocht agus ar dhaoine i bpríosún. Cé gur soláthraíodh oideachas, léirigh staidéar a rinneadh i 1920 gur in Éirinn a rugadh 43% de shearbhóntaí teaghlaigh sna Stáit Aontaithe.
Foinse: Carpenter, Niles (1927) Immigrants and their Children, 1920. Washington Dc, Oifig Priontála an Rialtais, 1927.
Ba í an bhean ba cháiliúla i stair cheardchumann na Stáit Aontaithe ná Mary Harris, ar ar tugadh “Mother Jones”. Ceardchumannaí eile mór le rá arbh í Elizabeth Gourley Flynn, a rugadh d’inimircigh Éireannacha in Concord, Massachusetts agus a bhí ina thacadóir do chearta na mban agus a ghlac páirt i gcuid de na hachrainn mianadóireachta agus lománaíochta ba chontúirtí i stair shaothair Mheiriceá.
Is uaibhreach fós í an litir ó oibrí iarnróid bocht in Peekskill, Nua-Eabhrac chuig a mhuintir in Éirinn tar éis 100 bliain agus léiríonn sé, ar bhealach amhlabhrach, croí na hinimirce Éireannaigh Caitlicigh:
Beekskell 9 Márta 48
Do mo bhean dhílis ghrámhar agus mo leanaí. Fuair mé litir uaibh an 20 Eanáir 1848 a thug le tuiscint dom go bhfuair sibh drochfhiabhras ach buíochas le Dia gur tháinig sibh slán as agus go bhfuil sibh chomh sláintiúil agus atá mé féin faoi láthair buíochas mór le Dia. Bí ag faire amach ag Oifig an phoist mar is gearr go gcuirfidh mé airgead chugaibh mar atá de dhualgas orm a dhéanamh. Táim ag obair ar an iarnród ar 8 scilling in aghaidh an lae agus íocaim 18 scilling in aghaidh na seachtaine ar lóistín. Tá an tír seo go maith dóibh siúd atá in ann obair a dhéanamh. Ba chóir go mbeinn in ann an bealach a íoc díobh le cúnamh Dé an 1 Lúnasa agus is fada liom go mbeidh mé in ann barróg a thabhairt duit agus is cuma liom faoi rud ar bith eile faoin spéir ach tusa agus na leanaí a bhfuil grá ollmhór agam dóibh. Cén chaoi an bhfuil mo bheirt mhac Patrick agus Franciss agus ar ndóigh m’athair agus mo mháthair agus na comharsana agus do dheirfiúr Bridget. Buíochas le Dia go raibh sí in ann aire a thabhairt daoibh agus sibh tinn agus ní dhéanfaidh mé dearmad choíche ar sin. Tá súil agam dul go Nua-Eabhrac an 17 Márta chun an bille seo sé phunt a sheoladh chugat. Beidh tusa in ann an t-airgead a thógáil amach as Banc Cúige na hÉireann. Beidh sé déanta amach in ainm an urramaigh Patrick O Gara duit. Tá an-trua agam do mo dheartháir Francis a chónaigh ag St. John. Measaim go bhfuil sé básaithe. Ná freagair an litir seo go mbeidh an ceann eile leis an airgead faighte agat. Go gcumhdaí Dia sibh go dtí go mbeidh tú in éineacht liom anseo i dtír an dóchais lenár leanaí.
Sin é go fóill
Ó d’fhear dílis go deo
Thos Garry
Roghnaigh an nasc seo chun páipéar iontach a léamh ar Irish women's' lives in America mar atá cuimsithe ó litreacha a d’fhoilsigh an Staraí Ruth-Ann M. Harris (nasc seachtrach: osclaítear fuinneog nua)

