English | Gaeilge || Téacs amháin | A - A - A
Mayo County Library.  Leabharlann Chontae Mhaigh Eo.
Skip to Main Content
  • Fúinn
  • Déan Teagmháil Linn
  • Beartas Príobháideachta
  • Inrochtaineacht Láithreáin Ghréasáin
  • Séanadh
Tá tú anseo: An Leabharlann > Staidéar Áitiúil > Litreacha ó Dheoraithe > Beathaisnéisí > John Solan
  • Baile
  • Déan do Leabhair a Athnuachan
  • Leabharlanna Brainse Chontae Mhaigh Eo
  • Staidéar Áitiúil
    • Clanna Mhaigh Eo
    • Tabhartais
    • Litreacha ó Dheoraithe
      • Eisimirce na hÉireann
      • Litreacha in Éirinn
      • Beathaisnéisí
        • Annie Moore
        • John Solan
        • Annie O’Donnell
      • Cúiseanna Eisimirce
      • Ag gabháil trasna an Atlantaigh
      • Lonnaíocht i Meirceá
      • Ag Saothrú i Meiriceá
      • Teaghlach
      • Tórramh na nEisimirceach sula ndeachaigh siad go M
      • Amhráin
      • Samplaí de litreacha
    • An Gorta Mór i Maigh Eo
    • Foinsí Ginealais
    • Ar Lorg Humbert
    • Suirbhéireacht Chumann Turasóirí na hÉireann
    • Tionscadail maidir le Staidéar Áitiúil
    • Suirbhéanna Talún & Léarscáileanna
    • Leabhair a Foilsíodh
    • Mícheál Mac Daibhéid
    • Cartlann Fhótagrafach
    • Nithe a fuarthas le déanaí
    • Bailiúchán Béaloidis na Scoileanna
    • Bailiúcháin Speisialta
    • Naisc Úsáideacha
  • Foinsí Ginealais
  • Closleabhair ar líne
  • Áit Léitheoireachta
  • Céard atá ar siúl...
  • Leabhair a Foilsíodh
  • Seirbhísí do Pháistí
  • Seirbhísí
  • Seirbhís Leabharlainne do Scoileanna

Cuardaigh an Chatalóg

Nuacht Leabharlainne

  • Léamh le hEoghan Mac Giolla Bhríde
  • Seachtain na Gaeilge i Leabharlanna Mhaigh Eo
  • Ceol Traidisiúnta i Leabharlann Chlár Chlainne Mhuiris

Gach imeacht

Cuir d’ainm ar ár liosta seachadta

Lean an Leabharlann air Facebook

John Solan

John Solan

Rugadh John Solan in Éirinn 11 Aibreán 1842. Mac le Patrick Solan a bhí ann. Chuaigh an teaghlach ar imirce go Meiriceá sa bhliain 1847. Fuair a mháthair bás in Buffalo agus d’éag a dheartháireacha, Michael agus Patrick, an bhliain chéanna. Chuir John agus a athair fúthu sa Shields Township, Dodge County , Wisconsin, i mí an Mheithimh, 1847. Déantar cur síos sa litir ar an gcaoi ar bheartaigh siad fágáil, an t-aistear, an fheirm 80 acra a cheannaigh siad agus conas a d’éirigh leo 160 acra ar fad a chur i dtoll a chéile trína dtionscal agus a saothar. Déantar cur síos ar a laethanta scoile, a mhúinteoir agus ar shaol na tuaithe ann. Phós athair John arís sa bhliain 1849 agus rugadh dhá mhac eile. B’ag ceannach agus ag oibriú inneall buailte a thosaigh John amach a shaothrú. Nuair a fuair a athair bás i bhfómhar 1863 agus é 54 bliain d’aois, bhí faoi John áit an athar a ghlacadh. Ceapadh é ina Chisteoir i mbaile Shields agus toghadh é ina Chisteoir Baile ag tráth ní ba dhéanaí agus ina dhiaidh sin arís ina Mheasúnóir Baile agus ina Chathaoirleach ar Bhord an Bhaile. Toghadh chuig an Oireachtas é ón Séú Dúiche in Dodge County sa bhliain 1871 agus toghadh é ina bhall ar Bhord Contae Shields sa bhliain 1873. Toghadh é ina Chléireach Contae ar Dodge County sa bhliain 1879. Phós sé Margaret Boulton, 20 Bealtaine, 1863, bhí triúr clainne acu, agus d’éag sé go luath san fhichiú haois.

Is mar seo a leanas a thosaíonn cuntas John Solan maidir le himeacht ar imirce, teacht i dtír i Meiriceá agus cur síos ar an saol a bhí ann i Meiriceá:

“Lá breá a bhí ann mar a chuimhním air, tráth éigin i dtús mhí Aibreáin 1847. Chruinnigh na comharsana sa teach le slán a fhágáil ag an teaghlach agus bhí cumha mór ar dhaoine de bharr an scartha. Ba é an teach agus an teaghlach seo croílár na háite – fiú más mé féin a deir - toisc gur ceoltóirí iad na buachaillí ar fad beagnach. B’ann a chruinnigh formhór na gcomharsan le haghaidh féilte agus anois bhíomar le himeacht as go brách agus ba chaillteanas mór é agus chuir sé sin duine ag smaoineamh ar an drochshaol ina raibh siad ag maireachtáil an tráth sin…… bhogamar isteach sa bhaile ar feadh roinnt laethanta chuig teach ár gcuid cairde a bhí ag ullmhú le fágáil. Ach d’athraigh siad a n-intinn ar an nóiméad deireanach agus ní thiocfaidís linn"......

Is féidir íomhá scanta de Dhearbhú Saoránachta Patrick Solan, athair John, a fheiceáil ach cliceáil ar an nasc seo a leanas:

Dearbhú Saonánachta Patrick Solan, athair John

 

Gach ceart ar cosaint. Cóipcheart 2001-2012. Ceanncheathrú Leabharlainne, Bóthar Sheáin Uí Mhórdha, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
Teileafón: +353 (0)94 9047922 | Facs: +353 (0)94 9026491 | R-phost: librarymayo@mayococo.ie