Annie O’Donnell
Annie O’Donnell
Rugadh Annie O’Donnell (1880-1959) ar an Lipe, gar don Spidéal, i gCo. na Gaillimhe. D’fhág sí Gaillimh, a ceantar dúchais, in 1898, chun dul go Meiriceá. Ba dhuine de 15,175 bean Éireannach a d’fhág Éire an bhliain sin í. Ba líonmhaire i bhfad iad ná na fir, agus fostaíodh formhór acu mar chailíní aimsire. Rinne sí cairdeas le Jim Phelan ar an mbád go Philadelphia. Feirmeoir 22 bliain d’aois as Co. Chill Chainnigh a bhí ann. Theith sé ón mbaile le linn Aifreann an Domhnaigh chun bualadh lena uncail a bhí ina thíleoir in Indianapolis. Chuaigh Annie ag obair mar altra páistí do theaghlach W.L. Mellon in Pittsburgh. Is ábhar uathúil iad a cuid litreacha chuig Jim Phelan sa seánra litríochta a bhaineann le mná a d’imigh ar imirce, litríocht atá ag borradh i gcónaí. Soláthraíonn siad scéal leanúnach a saoil mar altra páistí ar feadh trí bliana. Cuireadh oideachas maith ar Annie O’Donnell anseo in Éirinn, agus is bríomhar agus taitneamhach le léamh iad a cuid litreacha.
Sa litir a scríobh Annie ar 5 Bealtaine 1902, labhraíonn sí faoi chrá croí páistí agus iad ag fágáil an bhaile:
“I believe my youngest brother will soon come here too. He is only a young lad about 18. Then the old homestead will be rid of us all excepting my oldest brother. Is it not too bad to see such a sad scene? As soon as a boy or girl gets big enough to help the house, he is forced to leave perhaps never again to see those dear ones and would give anything in after years for one hour of that innocent happy fun known only in their dear old homes.”
Tá litreacha Annie foilsithe in Your Fondest Annie, curtha in eagar ag Maureen Murphy, University College Press, Baile Átha Cliath 2005
De réir thaifead na mban a d’oibrigh i Meiriceá, a chuaigh abhaile ar cuairt agus a d’fhill mar “eachtrannaigh nach bhfuil ar inimirce”, dealraíonn sé gurbh í ceithre bliana an ghnáth-thréimhse a chaith siad sular thug siad faoin turas abhaile.
Is cosúil gurb é sa bhliain 1903, le linn a cúigiú bliain i Meiriceá, a bhí an dúil is láidre in Annie filleadh abhaile.
Roghnaigh an nasc thíos chun pictiúr mór d’Annie O’Donnell a fheiceáil:

