English | Gaeilge || Téacs amháin | A - A - A
Mayo County Library.  Leabharlann Chontae Mhaigh Eo.
Skip to Main Content
  • Fúinn
  • Déan Teagmháil Linn
  • Beartas Príobháideachta
  • Inrochtaineacht Láithreáin Ghréasáin
  • Séanadh
Tá tú anseo: An Leabharlann > Staidéar Áitiúil > Litreacha ó Dheoraithe > Beathaisnéisí > Annie Moore
  • Baile
  • Déan do Leabhair a Athnuachan
  • Leabharlanna Brainse Chontae Mhaigh Eo
  • Staidéar Áitiúil
    • Clanna Mhaigh Eo
    • Tabhartais
    • Litreacha ó Dheoraithe
      • Eisimirce na hÉireann
      • Litreacha in Éirinn
      • Beathaisnéisí
        • Annie Moore
        • John Solan
        • Annie O’Donnell
      • Cúiseanna Eisimirce
      • Ag gabháil trasna an Atlantaigh
      • Lonnaíocht i Meirceá
      • Ag Saothrú i Meiriceá
      • Teaghlach
      • Tórramh na nEisimirceach sula ndeachaigh siad go M
      • Amhráin
      • Samplaí de litreacha
    • An Gorta Mór i Maigh Eo
    • Foinsí Ginealais
    • Ar Lorg Humbert
    • Suirbhéireacht Chumann Turasóirí na hÉireann
    • Tionscadail maidir le Staidéar Áitiúil
    • Suirbhéanna Talún & Léarscáileanna
    • Leabhair a Foilsíodh
    • Mícheál Mac Daibhéid
    • Cartlann Fhótagrafach
    • Nithe a fuarthas le déanaí
    • Bailiúchán Béaloidis na Scoileanna
    • Bailiúcháin Speisialta
    • Naisc Úsáideacha
  • Foinsí Ginealais
  • Closleabhair ar líne
  • Áit Léitheoireachta
  • Céard atá ar siúl...
  • Leabhair a Foilsíodh
  • Seirbhísí do Pháistí
  • Seirbhísí
  • Seirbhís Leabharlainne do Scoileanna

Cuardaigh an Chatalóg

Nuacht Leabharlainne

  • Léamh le hEoghan Mac Giolla Bhríde
  • Seachtain na Gaeilge i Leabharlanna Mhaigh Eo
  • Ceol Traidisiúnta i Leabharlann Chlár Chlainne Mhuiris

Gach imeacht

Cuir d’ainm ar ár liosta seachadta

Lean an Leabharlann air Facebook

Annie Moore

Annie Moore

Rugadh Annie i gCorcaigh i 1877. Thóg a tuismitheoirí an bád bán go Meiriceá i 1890 agus fágadh Annie agus a beirt deartháireacha faoi chúram aintín leo. Nuair a bhí siad socraithe i Meiriceá, chuir siad fios ar na páistí a d’imigh ar an long “Nevada” i mí na Nollag 1891. Shroich siad a gceann scríbe i gceann 12 lá, ar 1 Eanáir 1892, agus ba í Annie an chéad duine a tháinig i dtír.  Bhí oifigigh éagsúla roimpi ansin chun aitheantas a thabhairt di a bheith ina céad duine ar próiseáladh a n-inimirce san ionad nua ar Oileán Ellis.

Tá dhá insint ar scéal bheatha Annie i ndiaidh di teacht go Meiriceá tagtha chun solais. Creideadh le blianta fada gur chaith an teaghlach seal i Nua-Eabhrac sular bhog siad siar go Indiana ar dtús, agus go Texas ina dhiaidh sin.  Phós Annie Patrick O’Connell, de shliocht Dhónaill Uí Chonaill, agus bhí ochtar clainne acu. Ceapadh go raibh bás tubaisteach ag Annie nuair a bhuail traein í i 1924.

Photograph of the statue of Annie Moore and her two brothers leaving for America
Dealbh Annie Moore agus a beirt deartháireacha ag fágáil Éireann go Meiriceá i gCóbh, Co. Chorcaí

Bhain roinnt fadhbanna leis an scéal iomráiteach seo faoi Annie Moore an Oileáin Ellis, nuair a bhí an ginealeolaí gairmiúil Megan Smolenyak Smolenyak i mbun taighde ar an teaghlach le haghaidh clár faisnéise roinnt blianta ó shin.
Fuair sí amach gurbh in Illinois a rugadh an Annie Moore a fuair bás in Texas, ní in Éirinn. Níor tháinig roinnt fíricí aitheanta eile le chéile ach oiread.

Tá an chuma air anois gur chaith Annie Moore, an chéad duine trí Oileán Ellis, roinnt blianta ina cónaí lena tuismitheoirí ag 32 Monroe Street, Manhattan, sular phós sí Joseph Augustus Schayer, Sr. in 1895. Bhí 11 clainne ar a laghad acu. Mhair cúigear acu go haois fásta, agus bhí clann ag triúr acu siúd. Fuair Annie Moore bás de bharr cliseadh croí ar 6 Nollaig 1924 in aois 47 bliain, ach maireann a sliocht fós.

Is féidir scéal a hathaimsithe a léamh sa New York Times (nasc seachtrach; osclaítear fuinneog nua) nó léamh faoin gcaoi a cuireadh scéal an Annie Moore nua le chéile i mblag an ghinealeolaí Megan Smolenyak Smolenyak (nasc seachtrach; osclaítear fuinneog nua).

 

Gach ceart ar cosaint. Cóipcheart 2001-2012. Ceanncheathrú Leabharlainne, Bóthar Sheáin Uí Mhórdha, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
Teileafón: +353 (0)94 9047922 | Facs: +353 (0)94 9026491 | R-phost: librarymayo@mayococo.ie