Amhráin
Amhráin
“Is iad na húdaráis a scríobhann an stair, is iad an dream a fhulaingíonn a chumann na hamhráin”Tá go leor amhrán agus bailéad ann a léiríonn eisimirce as Éireann. I measc na gceann is mó a bhfuil clú agus cáil orthu, tá "Skibereen", "Sailing Off To The Yankee Land", "The Green Fields Of America", "Poor Pat Must Emigrate", "By The Hush", "No Irish Need Apply", "Lone Shanakyle", "Lough Sheelin' agus "City Of Chicago". Cuireann go leor de na hamhráin seo an milleán ar mhuintir Shasana toisc muintir na hÉireann a bheith faoi chois acu, agus an éagóir a rinneadh orthu, agus gurb iad a chuir brú ar na hÉireannaigh an tír a fhágáil. Déantar an teallach agus an baile a mholadh go hard iontu agus an aicme rialaithe agus na tiarnaí talún a chuir é d’fhiachadh orthu fágáil, a cháineadh go géar. Is iad na hamhráin is corraithí na hamhráin ina gcuimhnítear siar ar scaradh go brách de thuismitheoirí aosta, máithreacha ach go háirithe.
Ba ghnáthghné de dhánta agus de bhailéid í an litir. Tá “Kilkelly” bunaithe ar litreacha a scríobh Patrick McNamara, máistir scoile i Scoil Theamhráin, Cill Cheallaigh, Contae Mhaigh Eo chuig John Hunt idir 1858 agus 1893, mar shampla. Léirítear taithí an athar ar eisimirce trí na litreacha a scríobh sé chuig a mhac a d’fhág an tír agus gur dóigh nach bhfilleadh sé go deo. Tá na litreacha lán de chumha agus de bhrón agus é ag scríobh mar gheall ar an “teach a bheith chomh folamh agus chomh brónach” agus impíonn sé air “teacht ar cuairt”. Is féidir an téacs iomlán a fháil ar an láithreán Gréasáin Mayo Ireland (nasc seachtrach: osclaítear fuinneog nua)

