English | Gaeilge || Téacs amháin | A - A - A
Mayo County Library.  Leabharlann Chontae Mhaigh Eo.
Skip to Main Content
  • Fúinn
  • Déan Teagmháil Linn
  • Beartas Príobháideachta
  • Inrochtaineacht Láithreáin Ghréasáin
  • Séanadh
Tá tú anseo: An Leabharlann > Staidéar Áitiúil > Litreacha ó Dheoraithe > Ag gabháil trasna an Atlantaigh > Na Bealaí a d’imigh na hEisimircigh
  • Baile
  • Déan do Leabhair a Athnuachan
  • Leabharlanna Brainse Chontae Mhaigh Eo
  • Staidéar Áitiúil
    • Clanna Mhaigh Eo
    • Tabhartais
    • Litreacha ó Dheoraithe
      • Eisimirce na hÉireann
      • Litreacha in Éirinn
      • Beathaisnéisí
      • Cúiseanna Eisimirce
      • Ag gabháil trasna an Atlantaigh
        • Na Bealaí a d’imigh na hEisimircigh
        • An tAistear Farraige
        • Teacht i dTír
        • Seoltáin Airgid
      • Lonnaíocht i Meirceá
      • Ag Saothrú i Meiriceá
      • Teaghlach
      • Tórramh na nEisimirceach sula ndeachaigh siad go M
      • Amhráin
      • Samplaí de litreacha
    • Taifid Chíosa d'Eastáit
    • An Gorta Mór i Maigh Eo
    • Foinsí Ginealais
    • Ar Lorg Humbert
    • Suirbhéireacht Chumann Turasóireachta na hÉireann
    • Tionscadail maidir le Staidéar Áitiúil
    • Suirbhéanna Talún & Léarscáileanna
    • Leabhair a Foilsíodh
    • Pearsana Mhaigh Eo
    • Mícheál Mac Daibhéid
    • Nuachtáin
    • Cartlann Fhótagrafach
    • Bailiúchán Cártaí Poist
    • Nithe a fuarthas le déanaí
    • Bailiúchán Béaloidis na Scoileanna
    • Bailiúcháin Speisialta
    • Cogadh na Saoirse
    • Naisc Úsáideacha
  • Léarscáileanna Mhaigh Eo
  • Foinsí Ginealais
  • Leabharlann Cheoil
  • Closleabhair ar líne
  • Aip iPhone Saor in Aisce
  • Áit Léitheoireachta
  • Céard atá ar siúl...
  • Leabhair a Foilsíodh
  • Taispeántais ar fáil
  • Gailearaí Grianghraf
  • Seirbhísí do Pháistí
  • Seirbhísí
  • Seirbhís Leabharlainne do Scoileanna
  • Comórtas Scríbhneoireachta

Cuardaigh an Chatalóg

Nuacht Leabharlainne

  • Club Leabhar Bhéal Átha hAmhnais
  • Club Leabhar Chaisleán an Bharraigh
  • Michael Longley i Leabharlann Chluain Cearbán

Gach imeacht

Cuir d’ainm ar ár liosta seachadta

Lean an Leabharlann air Facebook

Na Bealaí a d’imigh na hEisimircigh

Na Bealaí a d’imigh na hEisimircigh

Is go Ceanada a chuaigh na heisimircigh agus as sin go dtí na Stáit Aontaithe suas go dtí na 1830idí. B’as caladh Bhéal Feirste, Bhaile Átha Cliath agus Dhoire go príomha a d’fhág formhór na mbád Éireannacha. Nuair a tháinig méadú ar thrádáil idir an Bhreatain agus SAM tar éis na 1830idí, laghdaigh costas an aistir ó Shasana agus tháinig méadú i líon na nÉireannach a chuaigh go Learpholl ar dtús agus a thaisteal as sin go Nua-Eabhrac, Filideilfia agus Bostún. Ba é seo an gnáthbhealach faoi na 1840idí – saor agus gnáthamh. D’fhág líon mór eisimircigh ó chalaí ar nós caladh Luimnigh agus Shligigh agus ó chalaí ar bheagán úsáide mar shampla Cathair na Mart, Cill Ala agus Cionn tSáile, rud a léirigh éadóchas na ndaoine de réir mar a bhí cúrsaí ag dul in olcas mar gheall ar an ngorta. D’fhéadfaí taisteal go díreach go Meiriceá as Béal Feirste, as Cóbh agus as Gaillimh ón bhliain 1858 ar aghaidh.

Le linn an naoú haois déag chaill na céadta míle eisimirceach as Éirinn teagmháil lena dteaghlaigh. Bhain daoine leas as fógraí pearsanta i nuachtáin mar chlár fógraí agus iad ag iarraidh teaghlaigh a athaontú. Bhí colún cairde i go leor nuachtán trína bhféadfadh léitheoirí gaolta a bhí ar iarraidh a lorg. Bhíodh fógraí sa nuachtán Weekly Freeman, mar shampla, a scaipeadh i measc pobail Éireannacha thar lear ó theaghlaigh in Éirinn a bhí ag lorg eisimircigh a d’fhág Éire na cianta roimhe agus nach raibh trácht ná tuairisc orthu. Is cosúil gur tuismitheoirí aosta iad go leor de na fógróirí a bhí ag lorg scéala i dtaobh mic agus iníonacha a d’imigh uathu. Féach é seo a leanas, mar shampla:

Hayes, Charles;a d’fhág Ballynew, Caisleán an Bharraigh sa bhliain 180?, fuarthas an scéala is déanaí uaidh 15 bliain ó shin, nuair a bhí sé in Chicago.. Á iarraidh ag a mháthair

Bhí fógraí sna nuachtáin uaireanta ón lucht eisimirce, nó a bpáistí siúd, ag iarraidh a dteaghlaigh a d’fhan in Éirinn a aimsiú. Mhaígh an Weekly Freeman go ndearnadh 75 fionnachtain sa bhliain 1899, ach níl san fhigiúr seo ach céatadán fíorbheag den líon daoine a bhí á lorg. Is dóigh gur imigh na céadta míle eisimirceach as teagmháil agus gur mar sin a d’fhan siad go deo.

Emigrants at Cork Quay

Bhí na coinníollacha uafásach ar an aistear idir Éirinn agus an Bhreatain. Bhain níos lú tábhacht le paisinéirí boird ná le beostoc nó le bagáiste agus d’fhéadfadh sé go mbeadh suas le 2000 duine brúite le chéile ar bhord oscailte an bháid i ngach cineál aimsir agus iad i ngreim ar a chéile sa chaoi nach scuabfaí thar bord iad. Bhí na praghsanna idir £4 agus £10 an duine. Ba ghnách don eisimirceach teacht i dtír fuar, bocht, caolocrach agus tinn. Bhí lóistín ar fáil i dtithe iostais a bhí ar nós slumaí plódaithe bréana. Bhí mícháil ar leith ag baint le tithe iostais i nduga Learphoill sna 1840idí. Bheadh na céadta eisimirceach sactha i bprochóg ina mbíodh fir, mná agus leanaí istigh le chéile agus ba mhinic iad ina luí ar thalamh fuar gan braillíní. D’fhéadfadh go robálfaí nó go gcúigleálfaí eisimircigh agus bhí an baol ann go nglacfaidís galair thógálacha éagsúla. Bhí siad sobhuailte ag cambheartaithe agus ag gníomhairí na gcuideachtaí loingis. I measc na gcamscéimeanna ba ghnáiche, dhíolaidís dollair ar rátaí malartaithe an-ard, éadaí ar dhroch-chaighdeán agus ghearraidís costas ró-ard le himeacht ar bord. Camscéim níos sofaisticiúla a bhí ann, talamh i Meiriceá a dhíol le heisimircigh, talamh nárbh fhiú dada é nó nár leis an díoltóir féin é fiú. Tharla sé chomh maith gur tairgeadh áiteanna folachais ar longa d’eisimircigh, i mbosca mar shampla, ar chostas beag.

Dar ndóigh, baineadh leas as fógraí sna nuachtáin chun eisimircigh a scaradh óna gcuid airgid chomh maith. Bhí an fógra seo a leanas san New York Herald an 1 Meitheamh, 1848:

“A Eisimircigh! – Is mór a laghdófar do thinneas agus d’ainnise ón athrú aeráide má thógann tú piollairí Brandeth agus má choinníonn tú iad in aice leat le gur féidir leat iad a thógáil go díreach sa chás go dtéann do shláinte faoi. Is féidir na laethanta, na míonna agus fiú na blianta tinnis a chosc amhlaidh.”

Roghnaigh na naisc thíos chun grianghraf de na coinníollacha uafásacha a bhí ar bhord loinge agus í ag fágáil Learpholl a fheiceáil mar aon le bileog ón 'Anchor Line' ina raibh fógraíocht táillí srl. maidir le pasáiste díreach as Cuan Chill Ala go Nua-Eabhrac.

Bád Bán ag fágáil Learpholl
Fógraíocht Anchor Line

 

Gach ceart ar cosaint. Cóipcheart 2001-2013. Ceanncheathrú Leabharlainne, Bóthar Sheáin Uí Mhórdha, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
Teileafón: +353 (0)94 9047922 | Facs: +353 (0)94 9026491 | R-phost: librarymayo@mayococo.ie