English | Gaeilge || Téacs amháin | A - A - A
Mayo County Library.  Leabharlann Chontae Mhaigh Eo.
Skip to Main Content
  • Fúinn
  • Déan Teagmháil Linn
  • Beartas Príobháideachta
  • Inrochtaineacht Láithreáin Ghréasáin
  • Séanadh
Tá tú anseo: An Leabharlann > Staidéar Áitiúil > Litreacha ó Dheoraithe > Ag gabháil trasna an Atlantaigh > An tAistear Farraige
  • Baile
  • Déan do Leabhair a Athnuachan
  • Leabharlanna Brainse Chontae Mhaigh Eo
  • Staidéar Áitiúil
    • Clanna Mhaigh Eo
    • Tabhartais
    • Litreacha ó Dheoraithe
      • Eisimirce na hÉireann
      • Litreacha in Éirinn
      • Beathaisnéisí
      • Cúiseanna Eisimirce
      • Ag gabháil trasna an Atlantaigh
        • Na Bealaí a d’imigh na hEisimircigh
        • An tAistear Farraige
        • Teacht i dTír
        • Seoltáin Airgid
      • Lonnaíocht i Meirceá
      • Ag Saothrú i Meiriceá
      • Teaghlach
      • Tórramh na nEisimirceach sula ndeachaigh siad go M
      • Amhráin
      • Samplaí de litreacha
    • Taifid Chíosa d'Eastáit
    • An Gorta Mór i Maigh Eo
    • Foinsí Ginealais
    • Ar Lorg Humbert
    • Suirbhéireacht Chumann Turasóireachta na hÉireann
    • Tionscadail maidir le Staidéar Áitiúil
    • Suirbhéanna Talún & Léarscáileanna
    • Leabhair a Foilsíodh
    • Pearsana Mhaigh Eo
    • Mícheál Mac Daibhéid
    • Nuachtáin
    • Cartlann Fhótagrafach
    • Bailiúchán Cártaí Poist
    • Nithe a fuarthas le déanaí
    • Bailiúchán Béaloidis na Scoileanna
    • Bailiúcháin Speisialta
    • Cogadh na Saoirse
    • Naisc Úsáideacha
  • Léarscáileanna Mhaigh Eo
  • Foinsí Ginealais
  • Leabharlann Cheoil
  • Closleabhair ar líne
  • Aip iPhone Saor in Aisce
  • Áit Léitheoireachta
  • Céard atá ar siúl...
  • Leabhair a Foilsíodh
  • Taispeántais ar fáil
  • Gailearaí Grianghraf
  • Seirbhísí do Pháistí
  • Seirbhísí
  • Seirbhís Leabharlainne do Scoileanna
  • Comórtas Scríbhneoireachta

Cuardaigh an Chatalóg

Nuacht Leabharlainne

  • Club Leabhar Chaisleán an Bharraigh
  • Club Leabhar Bhéal Átha hAmhnais
  • Michael Longley i Leabharlann Chluain Cearbán

Gach imeacht

Cuir d’ainm ar ár liosta seachadta

Lean an Leabharlann air Facebook

An tAistear Farraige

An tAistear Farraige

I 1851, tharlódh sé go minic go mbíodh a oiread is cúig long déag sa lá ag fágáil Learpholl le dul go Meiriceá. Sa bhliain 1851, d’fhág aon long déag cuan an Chóibh, Éire, laistigh d’ocht lá le dul go Meiriceá agus 1568 paisinéir ar bord eatarthu. Ba mhinic a mbíodh na coinníollacha maireachtála ar na longa trasatlantacha uafásach sa chéad leath den chéad. Bhí na rátaí báis ba mheasa ar fad ar na “longa báis” iomráiteacha i rith an ghorta agus an ráta báis chomh hard le 30% ar chuid acu. Is féidir tuairim éigin a fháil maidir leis na coinníollacha a d’fhulaing daoine ar na longa báis in aimsir an ghorta ó scéal an "Elizabeth and Sarah", a sheol as Contae Mhaigh Eo i mí Iúil 1847. Bhí 276 duine ar bord in ionad an 212 duine a bhí ar an liosta, agus ní raibh ach 8,700 galún uisce ar bord i gcomhair an aistir in ionad an 12,532 galún a ba chóir a bheith ar bord. Bhí gach paisinéir i dteideal soláthar de 7 bpunt meáchan sa tseachtain, ach níor dáileadh aon soláthairtí ar chor ar bith. Bhí 32 leaba ann le roinnt idir 276 paisinéir, agus ní raibh saoráid sláintíochta d’aon chineál ar bord.  Thóg an t-aistear ocht seachtaine de bharr go ndeachaigh an captaen amú agus bhí 42 duine básaithe faoin am a bhris an long síos agus a tarraingíodh i dtír í ar an St. Lawrence River i mí Mheán Fómhair. 

Thaistealaíodh thart ar 98% de na paisinéirí sa stírís agus 2% sna cábáin. Chuirtí an lasta ar bord ar dtús, ansin paisinéirí na gcábán agus ní bhíodh cead ar bord ag na paisinéirí stíríse go dtí go mbíodh an long réidh le seoladh. I gcás formhór na bpaisinéirí ba é sin an chéad uair dóibh a bheith ar bord loinge. Bhíodh tocht orthu agus iad ag fágáil slán go brách leis an mbaile dúchais.

Photograph of emigrant vessel depicting what life was like below deck

Bhíodh ar na paisinéirí stíríse a gcuid cócarála féin agus gach rud eile a dhéanamh agus iad buailte anuas ar a chéile ar na deiceanna íochtaracha. Bhíodh siad róphlódaithe, rud a d’fhág go mbíodh ráigeanna calair agus tífis ag cur isteach orthu go seasmhach. Dúirt David Hollet an méid seo a leanas: “Ní raibh ach spás deich dtroithe ag dul do gach duine fásta ar longa eisimirce de chuid na Breataine ar aistear an Atlantaigh Thuaidh, b’ionann beirt pháistí agus duine fásta agus ní chuirtí leanaí óga san áireamh ar chor ar bith. Bhí ceithre troithe dhéag an duine ag dul do gach paisinéir stíríse ar longa de chuid Mheiriceá a bhí beagáinín níos fearr. Ba é an t-aon dualgas a bhí ar úinéirí loinge maidir le bia do phaisinéirí ná uisce agus brioscaí a chur ar fáil dóibh agus ba mhinic a mbíodh drochchaighdeán ar an mbia sin. Bhíodh ar phaisinéirí stíríse a mbia féin a thabhairt ar bord agus é a chócaráil de réir mar ba ghá ar cheann de na grátaí a bhíodh ar fáil chuige sin. Dhéantaí an chócaráil ar an deic oscailte, rud a d’fhág go mbíodh paisinéirí i mbaol ó dhrochaimsir agus ó chontúirt na tine. Ba í an mhin choirce agus uisce príomhbhia eisimircigh na hÉireann ar na longa agus dhéantaí é a fhiuchadh go dtí go mbeadh rud a ghlaodh na mairnéalaigh liothrach nó burgoo air déanta de.  Ba mhinic a mharaítí muca ar bord agus a chócaráiltí iad.  Tharlaíodh sé go minic nach mbeadh an deis ann tine a lasadh ar feadh tréimhsí fada mar gheall ar an aimsir agus bhíodh ar phaisinéirí a mbia a ithe amh.

Níorbh fhiú mórán an soláthar cúram sláinte ar na longa seo nó ní bhíodh a leithéid ar fáil ar chor ar bith. Ní bhíodh saoráidí leithris cearta ar an gcuid ba mhó de na longa seo agus sa chás go mbíodh leithris bhunúsacha ann, bhíodh siad ar an deic oscailte agus ní fhéadfaí úsáid a bhaint astu nuair a bhíodh drochaimsir ann. Chomh maith leis sin, tharla tubaistí agus chuaigh longa go toinn poill.

Rinne paisinéirí iarracht an t-aistear a chur tharstu chomh maith agus ab fhéidir. Bhíodh ceol i measc na bpaisinéirí stíríse go minic mar bhíodh feadóg mhór nó fidil ag paisinéir éigin i gcónaí nó bhíodh paisinéir ann ag bualadh píbe fiú. D’fhéadfadh sé go gcuirtí damhsa ar siúl um thráthnóna sa chás nach gcuireadh an captaen stop leis. Thugtaí éisc aisteacha nó míolta neamhghnácha faoi deara go minic, rud a tharraing aird na bpaisinéirí.

Ghlacadh sé mí ar a laghad an tAtlantach a thrasnú suas go dtí an bhliain 1850, nuair a tháinig scriúghaltáin  isteach a raibh a gcabhlacha déanta d’iarann. Bhí i bhfad níos lú uafáis ag baint leis an aistear faoi na 1870idí de bhrí go mbíodh an t-aistear farraige níos giorra ar na scriúghaltáin, go mbíodh na táillí laghdaithe de bharr iomaíochta agus go mbíodh na coinníollacha feabhsaithe go mór ar bord loinge mar gheall ar rialacháin a rinne an rialtais. Bhí an táille chomh híseal le £1.16d faoi na 1850idí deireanacha agus bhí an t-aistear farraige á dhéanamh taobh istigh de choicís ag longa Cunard.

Cliceáil ar na naisc seo a leanas chun pictiúir a fheiceáil de na coinníollacha uafásacha faoinar mhair paisinéirí ar bord long eisimirce:

Damhsa idir na deiceanna
Long Báis

 

Gach ceart ar cosaint. Cóipcheart 2001-2013. Ceanncheathrú Leabharlainne, Bóthar Sheáin Uí Mhórdha, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
Teileafón: +353 (0)94 9047922 | Facs: +353 (0)94 9026491 | R-phost: librarymayo@mayococo.ie