English | Gaeilge || Téacs amháin | A - A - A
Mayo County Library.  Leabharlann Chontae Mhaigh Eo.
Skip to Main Content
  • Fúinn
  • Déan Teagmháil Linn
  • Beartas Príobháideachta
  • Inrochtaineacht Láithreáin Ghréasáin
  • Séanadh
Tá tú anseo: An Leabharlann > Staidéar Áitiúil > Litreacha ó Dheoraithe > Ag Saothrú i Meiriceá
  • Baile
  • Déan do Leabhair a Athnuachan
  • Leabharlanna Brainse Chontae Mhaigh Eo
  • Staidéar Áitiúil
    • Clanna Mhaigh Eo
    • Tabhartais
    • Litreacha ó Dheoraithe
      • Eisimirce na hÉireann
      • Litreacha in Éirinn
      • Beathaisnéisí
      • Cúiseanna Eisimirce
      • Ag gabháil trasna an Atlantaigh
      • Lonnaíocht i Meirceá
      • Ag Saothrú i Meiriceá
      • Teaghlach
      • Tórramh na nEisimirceach sula ndeachaigh siad go M
      • Amhráin
      • Samplaí de litreacha
    • Taifid Chíosa d'Eastáit
    • An Gorta Mór i Maigh Eo
    • Foinsí Ginealais
    • Ar Lorg Humbert
    • Suirbhéireacht Chumann Turasóireachta na hÉireann
    • Tionscadail maidir le Staidéar Áitiúil
    • Suirbhéanna Talún & Léarscáileanna
    • Leabhair a Foilsíodh
    • Pearsana Mhaigh Eo
    • Mícheál Mac Daibhéid
    • Nuachtáin
    • Cartlann Fhótagrafach
    • Bailiúchán Cártaí Poist
    • Nithe a fuarthas le déanaí
    • Bailiúchán Béaloidis na Scoileanna
    • Bailiúcháin Speisialta
    • Cogadh na Saoirse
    • Naisc Úsáideacha
  • Léarscáileanna Mhaigh Eo
  • Foinsí Ginealais
  • Leabharlann Cheoil
  • Closleabhair ar líne
  • Aip iPhone Saor in Aisce
  • Áit Léitheoireachta
  • Céard atá ar siúl...
  • Leabhair a Foilsíodh
  • Taispeántais ar fáil
  • Gailearaí Grianghraf
  • Seirbhísí do Pháistí
  • Seirbhísí
  • Seirbhís Leabharlainne do Scoileanna
  • Comórtas Scríbhneoireachta

Cuardaigh an Chatalóg

Nuacht Leabharlainne

  • Club Leabhar Bhéal Átha hAmhnais
  • Club Leabhar Chaisleán an Bharraigh
  • Michael Longley i Leabharlann Chluain Cearbán

Gach imeacht

Cuir d’ainm ar ár liosta seachadta

Lean an Leabharlann air Facebook

Ag Saothrú i Meiriceá

Ag Saothrú i Meiriceá

Chuir go leor de na hÉireannaigh fúthu i gcathracha móra an chósta thoir ar nós Nua-Eabhrac agus Bostún, ach bhog go leor eile siar mar gheall go raibh obair ar fáil ag tógáil bóithre, canálacha agus bóithre iarainn. Bhí sé níos éasca teacht ar obair uaireanta i bhfiontar a raibh Éireannach ina úinéir air. Ba le hÉireannach darbh ainm Marcu Daly mianaigh Anaconda, in Butte, Montana, agus bhí na mílte Éireannach ag obair thíos iontu. Rinne na mílte Éireannach Canáil Erie a thochailt sna 1820idí mar shampla, agus ba shaothar mór é. Bhí an obair trom, an pá íseal, na coinníollacha maireachtála bocht agus ba ghnáthrud é an tinneas agus an galar. Scríobh oibrí ar an gcanáil Timothy Geoghan chuig a dheirfiúr in Éirinn ag insint di faoin gcruatan a d’fhulaing sé ag obair, “ Ní fios dúinn, a dheirfiúr dhil, an mairfidh aon fhear againn, ach le toil Dé, mairfimid lá níos fearr ná seo”, a scríobh sé óna champa in aice Utica sa bhliain 1819.

“Fuair sé fhear bás i mo champasa inniu agus cuireadh iad uile i mullach a chéile go dtí go bhféadfaí fáil réidh leo. Diomaite de sin tá mé go maith”.

Bhí clú agus cáil ar nósanna anamúla na nÉireannach agus ar phoirt béil ar nós an ceann seo a leanas:
We are cutting a Ditch through the gravel,
Through the gravel across the state, by heck!
We are cutting the Ditch through the gravel,
So the people and freight can travel,
Can travel across the state, by heck!

Photograph of the construction of the St. Paul, Minneapolis and Manitoba Railroad in 1887
Is iad na hinimircigh a chuidigh le Meiriceá sochaí thionsclaíoch a chruthú. Is iad na buíonta ón tSín agus as Éirinn, a earcaíodh de bharr an éilimh phráinneach ar shaothar, a chuir síos an bóthar iarainn a thug an t-iarthar agus an t-oirthear le chéile sa bhliain 1869 – na Sínigh leis an ‘Central Pacific’ san Iarthar agus na hÉireannaigh leis an ‘Union Pacific’ san Oirthear. Seo thuas pictiúr de bhóthar iarainn St. Paul, Minneapolis agus Manitoba agus é á thógáil sa bhliain 1887

Cuirtear an dainséar inar oibrigh na hÉireannaigh in iúl sa mhéid seo a leanas a dúirt eisimirceach amháin den mheánaicme

“Is mion minic a thuairiscítear in alt sna nuachtáin gur bádh Éireannach – go bhfuair Éireannach a bhás trí thachtadh i bpoll – go ndearna inneall gaile smidiríní d’Éireannach – gur adhlacadh deichniúr, scór Éireannach beo agus bruach á leagan –agus taismigh agus priacail eile den chineál sin atá Pat de shíor i ndainséar uathu agus é ag saothrú go dian ag iarraidh a chuid laethúil a bhaint amach”
(Athfhriotal as Miller, Kerby A, ‘Emigrants and Exiles, Ireland and the Irish Exodus to North America’, Nua-Eabhrac, Oxford University Press, 1985.)

 

 

Gach ceart ar cosaint. Cóipcheart 2001-2013. Ceanncheathrú Leabharlainne, Bóthar Sheáin Uí Mhórdha, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
Teileafón: +353 (0)94 9047922 | Facs: +353 (0)94 9026491 | R-phost: librarymayo@mayococo.ie