Brabhsálaí Léarscáileanna - Léarscáileanna Mhaigh Eo ar Líne
Brabhsálaí Léarscáileanna
Fáilte chuig an mBrabhsálaí Léarscáileanna, an córas nua comhtháite chun breathnú ar léarscáileanna de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo ar líne. Agus é forbartha ag Rainer Kosbi mar mhalairt ar a chóras léarscáileanna SVG, oibreoidh an Brabhsálaí Léarscáileanna i bhformhór na mbrabhsálaithe a úsáideann Adobe Flash Player ar ríomhairí pearsanta Windows agus Apple Mac araon.
An bhfuil léarscáileanna agus sonraí faoi do bhaile fearainn á lorg agat? Lean na 5 chéimeanna a leanas:
- oscail fuinneog na léarscáile trí ghliogáil anseo
- clóscríobh ainm do bhaile fearainn i ndiaidh dheilbhín na ndéshúileach atá san fhuinneog “Search/Overview”
- roghnaigh do bhaile fearainn ón liosta
- gliogáil ar shiombal cearnógach an bhaile fearainn atá sa léarscáil ghlas
- póirseáil san fhuinneog eolais a sholáthraíonn sonraí faoin mbaile fearainn faoi na ceannteidil: Léarscáileanna, Riarachán, Naisc, Daonáireamh, Ainmneacha
Chun tuilleadh eolais a fháil ar mhodh úsáidte an chórais, gliogáil ar an gcnaipe "Help" ar fhuinneog na leárscáile.
Is féidir léarscáileanna Leabharlann Chontae Mhaigh Eo atá ar líne a roinnt i gceithre mhórghrúpa.Chun na léarscáileanna seo a fheiceáil agus chun faisnéis chúlra a fháil orthu, gliogáil ar na naisc thíos.
- Léarscáileanna de chuid na Suirbhéireachta Ordnáis
- Teorainneacha agus Ranna Riaracháin
- Léarscáil Bald de Chontae Mhaigh Eo
- Léarscáileanna Éastáit – léarscáileanna d’eastáit Lynch-Blosse agus Garret Moore.
Tabhair faoi deara go meidh an seanchóras SVG agus córas nua an Bhrabhsálaithe Léarscáileanna araon le fáil ar shuíomh idirlín na leabharlainne go dtí mí Lúnasa 2010, i dtreo is go n-aistreofar chuig an gcóras nua gan stró.
Sonraí Teagmhála:
Ivor Hamrock, Rannóg na Staire Áitiúla, Lárleabharlann Chaisleán an Bharraigh, Bóthar Sheáin de Móra, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
Ríomhphost: Ríomhphost: ihamrock@mayococo.ie Fón: +353 (0)94 9047953

