Bailiúchán Béaloidis na Scoileanna
Bailiúchán Béaloidis na Scoileanna
Bhí an Scéim Scoileanna 1937-1938 ar cheann de na tionscadail ba mhó a tugadh faoi riamh i réimse bailiúcháin béaloidis. Le linn tréimhse ocht mí dhéag, bhí leanaí i scoileanna náisiúnta páirteach i dtionscadal lena raibh sé i gceist ábhar a bhaineann le raon leathan den traidisiún béaloidis a aimsiú agus a leagan síos ar mhaithe leis na glúine atá fós le teacht. Cuimsíodh scéalta béaloidis agus finscéalta béaloidis, rilleáin agus seanfhocail, amhráin, nósanna agus creidimh san fhiosrúchán seo. Cuireadh cluichí agus caithimh ama mar aon le cur síos ar nósanna oibre agus ealaíona traidisiúnta – m.sh. bréagáin lámhdhéanta baile a tháirgeadh – agus go leor ábhar eile san áireamh. Tá cóipeanna micreascannáin den chuid is mó den ábhar a bhailigh scoileanna i gContae Mhaigh Eo sa leabharlann. Tabhair ar aird go bhfuil difríocht sa chaighdeán agus sa mhéid a bailíodh ó scoil go scoil.
Féach ar Innéacs Bhailiúchán Bhéaloidis na Scoileanna (beidh gá le Acrobat Reader: osclaítear fuinneog nua)
Sonraí Teagmhála:
Ivor Hamrock
An Roinn Staire Áitiúil, Leabharlann Chaisleán an Bharraigh, Br. Sheáin Uí Mhórdha, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo
Teileafón: +353 (0)94 9047953
R-phost: ihamrock@mayococo.ie

