Séanadh
Séanadh
Séanadh MayoLibrary.ie
Bailíodh an t-eolas atá ar fáil ar Shuíomh Gréasáin MayoLibrary.ie ó go leor foinsí éagsúla, agus seans nach bhfuil roinnt acu rialaithe ag Seirbhís Leabharlainne Mhaigh Eo.
Cé gur glacadh gach cúram réasúnta i mbailiú agus i bhfoilsiú a bhfuil ar an suíomh gréasáin seo, ní dhéanann Seirbhís Leabharlainne Mhaigh Eo aon uiríoll ná baránta, bíodh sé curtha in iúl nó intuigthe, maidir le cruinneas ná feiliúnacht an eolais ná an ábhair atá ar fáil san acmhainn seo.
Is ar phriacal an úsáideora amháin a fhaightear rochtain ar agus a bhaintear leas as an eolas anseo.
Ní bheidh Seirbhís Leabharlainne Mhaigh Eo faoi dhliteanas, go díreach ná go hindíreach, don úsáideoir ná d’aon tríú páirtí eile, i ndáil le haon damáiste a thagann as úsáid an eolais luaite nó intuigthe ar shuíomh gréasáin MayoLibrary.ie.
Ní ghlacann Seirbhís Leabharlainne Mhaigh Eo dliteanas dlíthiúil, ná aon dliteanas eile, i leith míchruinnis, míráitis ná aon earráid eile de shaghas ar bith atá ar fáil anseo.
Séanann Seirbhís Leabharlainne Mhaigh Eo go foirmiúil leis seo, dliteanas i leith na nithe thuasluaite.
Is i bhfoirm ghiorraithe agus le haghaidh eolas ginearálta amháin atá an t-eolas ar an suíomh gréasáin seo ar fáil, agus d’fhéadfadh sé athrú ó am go chéile. Níor chóir brath air leis féin, chun cearta dlíthiúla ná cinntí eile a dhearbhú.
Moltar do chuairteoirí ar an suíomh, aon eolas ar mhian leo brath air a dhearbhú trí theagmháil dhíreach agus bheo a dhéanamh le Seirbhís Leabharlainne Mhaigh Eo.
Tá a lándícheall déanta ag Seirbhís Leabharlainne Mhaigh Eo cóipcheart nó cearta intleachtúla eile a shannadh do na húinéirí cearta de réir mar is cuí.
I gcás gur ligeadh cearta i ndearmad nó nach ndearnadh é trí dhearmad, réiteoidh Seirbhís Leabharlainne Mhaigh Eo an t-easnamh nuair a chuirtear ar a súile dóibh é.
Ní bheidh Seirbhís Leabharlainne Mhaigh Eo, Comhairle Contae Mhaigh Eo, a gcuid Comhairleoirí, stiúrthóirí, fostaithe, seirbhíseach ná gníomhaithe, daoine atá comhcheangailte leo nó ionadaithe eile, a máthairchuideachtaí agus a bhfochuideachtaí faoi seach, faoi dhliteanas i ndáil le dliteanais, éigeandálaí, éilimh, cúiseanna caingne, damáistí, caillteanais, costais, d’éagmais teorann san áireamh, táillí réasúnta dlí agus costais imeachtaí ag teacht as nó a bhfuil baint acu le húsáid agus/nó scaipeadh eolais phearsanta a bhaineann leat, de réir an bheartais phríobháideachais seo agus do chomhthoil.
Ba chóir a bheith ar an eolas, gur aon uair a úsáideann tú nasc ó shuíomh gréasáin MayoLibrary.ie go suíomh eile, nach bhfuil aon rialú ag Seirbhís Leabharlainne Mhaigh Eo ar an suíomh gréasáin sin. Níl Seirbhís Leabharlainne Mhaigh Eo freagrach as na cleachtais phríobháideachais atá ag suíomhanna gréasáin eile.
Glacann tú leis an séanadh seo nuair a leanann tú ar aghaidh chuig Suíomh Gréasáin Sheirbhís Leabharlainne Mhaigh Eo.
Féach ar an Ráiteas Príobháideachais

