Eolas ar Leabharlann Chontae Mhaigh Eo
CEANNCHEATHRÚ
Ceanncheathrú Leabharlainne
Bóthar Sheáin de Móra,
Caisleán an Bharraigh,
Co. Mhaigh Eo,
Éire
Teileafón: +353 (0)94 9047922 Facs: +353 (0)94 9026491
Ríomhphost: librarymayo@mayococo.ie
Gréasán: www.mayolibrary.ie
Leabharlann Chontae Mhaigh Eo: nóta stairiúil
Bhí Contae Mhaigh Eo ar na contaetha ba thúisce a bhain leas as an gcumhacht a bhronn Acht Rialtais Áitiúil 1925 chun scéim leabharlainne don chontae a ghlacadh. Ceapadh an chéad Leabharlannaí Contae, Bridget Redmond, Uasal, i mí na Samhna 1925. Conradh trí bliana a bhí ann chun Leabharlann nua Chontae Mhaigh Eo a bhunú. Bhain Maigh Eo tairbhe as cistiú ó iontaobhas a bhunaigh Andrew Carnegie, nach maireann, chun cúis na leabharlainne poiblí a chur chun cinn sa Bhreatain agus in Éirinn. Bunaíodh an leabharlann go foirmiúil mar ghníomhaireacht bhuan de Chomhairle Contae Mhaigh Eo sa bhliain 1928. Ba dhian iad na blianta tosaigh de bharr ganntanas airgid chun leabhair a cheannach. Ní raibh ach bunáit thiomnaithe amháin sa chontae, i gCaisleán an Bharraigh, agus bhraith siad go mór ar ionaid taisce – a bhí faoi chúram múinteoirí áitiúla bunscoile go minic – chun seirbhísí na leabharlainne a sholáthar ar fud an chontae, ina raibh formhór faoin tuath. Osclaíodh Brainse agus Ceanncheathrú Chaisleán an Bharraigh, a tógadh le sainchuspóir, faoi dheireadh sa bhliain 1942 agus cuireadh tús le seirbhís na Leabharlainne Scoile sa bhliain 1972. Tugadh láithreacht áitiúil don tseirbhís nuair a osclaíodh na chéad leabharlanna brainse, a tógadh le sainchuspóir, i mBéal an Átha (1972) agus i gCathair na Mart (1976).
Is le scór bliain anuas amháin atá buntáiste na forbartha a rinneadh níos túisce in áiteanna ar nós Bhaile Átha Cliatha agus Contae an Chláir faighte ag Leabharlann Chontae Mhaigh Eo. Cuireadh áitreabh nua ar fáil don phobal i gCaisleán an Bharraigh (1990), agus i mBéal an Átha (2006), agus tógadh gréasán de leabharlanna brainse ar fud an Chontae, ó Bhéal an Mhuirthead go Baile Chathail. Tá an ríomhairiú ina ghnáthamh oibre anois, agus sa bhliain 2007 d’aistrigh an Leabharlann go ceanncheathrú leabharlainne nua i gCaisleán an Bharraigh. Is iad an phleanáil straitéiseach agus níos mó béime ar sheirbhís do chustaiméirí na dúshláin nua atá roimh Leabharlann Chontae Mhaigh Eo sna blianta amach romhainn.
I measc phríomhchuspóirí Leabharlann Chontae Mhaigh Eo, tá:
- Eolas a sholáthar ó réimse foinsí: leabhair thagartha, na bailiúcháin ghinearálta leabhar ar gach saghas ábhar seo againne, agus an tIdirlíon, ina measc. Tá an tIdirlíon ar fáil don phobal i 14 ceann d’ár mbrainsí.
- Suim sa léitheoireacht a spreagadh agus a chur chun cinn, go háirithe i measc daoine óga, trínár mbailiúcháin fhicsin agus trí ghníomhaíochtaí agus imeachtaí éagsúla ar nós clubanna leabhair, údair ar cuairt, seoltaí leabhar, agus seisiún léitheoireachta leabhar.
- Gach saghas ábhar atá ar fáil agus a bhaineann le Contae Mhaigh Eo a bhailiú, a chaomhnú agus a chur ar fáil do staraithe áitiúla, do mhic léinn agus do thaighdeoirí.
- Ár leabharlanna a fhorbairt mar ionaid chultúir trínár n-áitribh a chur ar fáil do thaispeántais ealaíne, taispeántais stairiúla, léachtaí, agus seisiúin cheoil i measc imeachtaí eile.
- Ár gcuid leabharlann a chur ar fáil do gach uile dhuine, agus cuirfimid ar chumas daoine a bhfuil deacrachtaí acu ár gcuid seirbhísí a úsáid – de bharr baicainn teanga nó míchumas fisiceach – na bacainní sin a shárú. Táthar ag cur le bailiúcháin ábhar i dteangacha éagsúla, agus cuirtear teicneolaíochtaí oiriúnaitheacha ar fáil do lucht lagéisteachta agus lagamhairc, chomh maith dóibh siúd atá faoi mhíchumas fisiceach.
Is beag athrú atá tagtha ar na cuspóirí seo i rith na mblianta, ach de bharr dul chun cinn na teicneolaíochta le blianta beaga anuas, tá slite úra againn anois na cuspóirí seo a bhaint amach. Maidir leis an mborradh atá tagtha faoin idirlíon agus leis an bhfáil fhorleathan atá ar ríomhairí, tá sé i bhfad níos éasca teacht ar ár gcuid seirbhísí. Is féidir le daoine anois, ár gcatalóg a chuardach, taifead a n-iasachtaí a sheiceáil, agus iarratas a dhéanamh ar earra ó chompord a dtí féin, 24 uair an lae. Tá foinsí staire áitiúla – léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis, mar shampla – ar fáil ar an idirlíon. Tá rochtain ag baill na leabharlainne ar bhunachair ar líne, chomh maith le seirbhísí eile ar nós The Irish Times, bhunachar tréimhseachán Wilson, agus Encyclopedia Britannica.
Tá súil againn, sna blianta atá romhainn, leas a bhaint as na teicneolaíochtaí a bheidh ag teacht chun tosaigh, sa chaoi go mbeidh an leabharlann níos insroichte fós, agus go gcuirfear níos mó acmhainní ar fáil ar líne.

