Féile Leabhair na bPáistí
Féile Leabhair na bPáistí
Tá Féile Leabhair na bPáistí ar cheann de na féilte ealaíon is mó in Éirinn, ina mbíonn na céadta imeacht ar siúl saor in aisce ar fud na tíre i siopaí leabhar, leabharlanna, scoileanna, ionaid pobail agus ionaid ealaíon, chun leabhair do pháistí a cheiliúradh. Díríonn an Fhéile go mór ar leabhair do pháistí, agus cuirtear an-bhéim ar an teachtaireacht go bhfuil an léitheoireacht siamsúil, taitneamhach, spreagthach agus cuimsitheach.
Bíonn an Fhéile ar siúl i mí Dheireadh Fómhair gach bliain, agus eagraíonn Leabharlann Chontae Mhaigh Eo clár iomlán spraíúil d’imeachtaí agus de ghníomhaíochtaí. Cé go ndíríonn na himeachtaí ar leabhair, is iomaí cruth a bhíonn orthu ar nós drámaí puipéad, scéalta ceoil, scéalaíocht dhraíochtach agus go leor leor eile.
Fearacht na mblianta roimhe seo, beidh Féile Leabhair na bPáistí, 2008, lán le sealanna léitheoireachta, drámaí puipéad, scéalaíocht agus beidh go leor comórtas, cluichí agus gníomhaíochtaí ann. I measc na ndaoine atá ar chlár na bliana seo, tá Malachy Wolfe, údar agus maisitheoir; Toby Kinsella, scéalaí ceoil; scéalaithe ón Fhrainc agus ón nGearmáin; agus Seó Taistil Dhraíocht na nAinmhithe – áit a bhféadfá bualadh le Nina an rí-ulchabhán nó beannú a thabhairt d’Fhiachra, an buachrapaire.
Glacann Leabharlann Chontae Mhaigh Eo páirt sa chomórtas Náisiúnta “Dear Leabharmharc”, agus taispeántar Buaiteoirí Chontae Mhaigh Eo ar leabharmharc na leabharlainne le haghaidh Féile Leabhair na bPáistí gach bliain. Tá na himeachtaí ar fad SAOR IN AISCE.
Léigh bróisiúr Fhéile Leabhair na bPáistí, 2008 (osclaítear fuinneog nua)

