Teagasc Ríomhaireachta Saor in aisce
Teagasc Ríomhaireachta Saor in aisce
· Teagasc Ríomhaireachta Pearsantaithe Saor in aisce
Tá Leabharlann Bhaile an Róba, i gcomhar leis an Lake District Community Development Agency, ainmnithe ina hIonad Oiliúna Pobail i dTeicneolaíocht Faisnéise. Mar chuid den scéim seo, bíonn teagascóir ar fáil sa Leabharlann chun cúnamh agus comhairle a sholáthar do dhaoine atá ag úsáid áiseanna poiblí ríomhaireachta na leabharlainne. Tá cúrsaí oiliúna ríomhaireachta níos foirmeálta ar fáil chomh maith, a fhreastalaíonn ar thosaitheoirí agus ar dhaoine ar leibhéal idirmheánach araon.
Sa chaoi go mbainfidh an t-úsáideoir neamhchleachtach ar ríomhairí an tairbhe is fearr as na deiseanna oiliúna seo, is ar bhonn duine-le-duine a eagraítear gach seisiún, idir fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil, agus ní bheidh níos mó ná ceathrar i láthair ag aon seisiún amháin.
Tá na cúrsaí ríomhaireachta, chomh maith leis an gcúnamh agus leis an gcuidiú pearsanta ar fad, ar fáil SAOR IN AISCE. Chun tairbhe a bhaint as an tseirbhís seo, déan teagmháil le Leabharlann Bhaile an Róba, agus luaigh cibé cuid den tseirbhís a bhfuil spéis agat inti. Cuir d’áit in áirithe roimh ré, más é do thoil é, mar bíonn an-éileamh ar an tséirbhís seo.
- Ríomhairí do Dhaoine Breacaosta:
Mar chuid de cheiliúradh Fhéile na Bealtaine, eagraíonn Leabharlann Chontae Mhaigh Eo cúrsaí “Tús Eolais ar Ríomhairí” i roinnt leabharlann.
Tá na cúrsaí seo SAOR IN AISCE agus dírithe ar ghrúpaí Active Age agus ar sheanóirí. Cuirfear béim ar leith ar an dallach púicín a bhaint de dhaoine faoi “na ríomhairí cleasacha sin”. Más gá, taispeántar don rannpháirtí conas an ‘luchóg’ a úsáid, agus tugtar am agus spás dóibh dul i gcompord lena ghluaiseacht sula mbogtar ar aghaidh chuig an gcéad mhír eile. Atmaisféar lán le foighne, sóchas agus sult atá ann, agus díbrítear gach rian den “fhaitíos” roimh ríomhairí de réir a chéile. Níl aon amhras ach gur éirigh thar cionn le cúrsaí “Tús Eolais ar Ríomhairí” mar chuid d’Fhéile na Bealtaine, agus léiríonn sé go dteastaíonn sé go cinnte ó phobal Active Age páirt ghníomhach a ghlacadh i réabhlóid na teicneolaíochta faisnéise. Fógrófar sonraí na gcúrsaí sa rannóg Céard atá ar Siúl agus sa phreas áitiúil de réir mar a eagraítear iad.

