Seirbhísí Eolas Gnó
Seirbhísí Eolas Gnó
Tá sé fíorthábhachtach do ghnó rathúil eolas ábhartha a bheith ar fáil dóibh ar bhonn leanúnach. Is í aidhm an Ionaid dálaí feiliúnacha do ghnó a chothú sa chontae, trí sheirbhís chuimsitheach eolas gnó a sholáthar do ghnólachtaí atá ann faoi láthair, do dhaoine atá ag cuimhneamh ar ghnólachtaí nua a bhunú, do ghrúpaí pobail, agus don phobal i gcoitinne. Is cuma más eolas ar bhunú do ghnólachta féin atá ann, eolas ar fheidhmiú airgeadais iomaitheoirí agus soláthraithe, ar na deontais atá ar fáil, ar reachtaíocht gnó, nó chun bearnaí sa mhargadh a aithint, cabhróidh an tIonad Eolais lena chur ar fáil.
Bíonn éileamh forleathan ar an Ionad – atá bunaithe i lárleabharlann Chaisleán an Bharraigh – i gcónaí, ó mhic léinn agus ón bpobal gnó araon. Tá an tseirbhís á maoiniú ag Bord Fiontar Contae Mhaigh Eo faoi Chlár Oibriúcháin um Fhorbairt Uirbeach agus Tuaithe Áitiúil an AE.
Tá an Leabharlann Ghnó roinnte ina cheithre chuid:
- Leabhair agus Físeáin – Ábhar a chlúdaíonn gach gné den ghnó: lena n-áirítear margaíocht, cuntasaíocht, bainistíocht, turasóireacht, bainistíocht pearsanra, infheistíocht, easpórtáil, buiséadú, gairmeacha beatha, ríomhairí, agus cur i láthair a dhéanamh.
- Leabhair Thagartha & Eolairí – Eolairí seirbhísí, táirgí, ábhar, Dlí Cuideachtaí, Dlí Tíolactha agus Dlí Cánachais, Staitisticí Rialtais, Tuarascálacha agus Reachtaíocht.
- Factfinder - Cuimsíonn sé 131 foilseachán Éireannach faoi chuideachtaí agus faoi chúrsaí gnó. D’fhéadfaí cuardach a dhéanamh ar 2.1 milliún alt ag dul siar chomh fada le 1991. Tá an téacs iomlán ar fáil i dtromlach na n-alt seo, agus tá an chuid eile ar fáil i bhfoirm choimrithe nó i bhfoirm luaite. I measc na n-irisí atá ar fáil tá Business & Finance, Enterprise & Innovation, ESRI Economic Quarterly, Local Authority News/Times agus Consumer Choice. Tá rochtain saor in aisce ar an mbunachar sonraí seo i ngach brainse leabharlainne faoi láthair.
- Tréimseacháin – Na nuachtáin laethúla ar fad agus roinnt irisleabhar gnó.

