Lexis-Nexis: Nuacht & Eolas faoi Chuideachtaí agus an Dlí
Is féidir teacht ar an mbailiúchán eolais agus nuachta is mó sa domhan i
réimse an ghnó tríd an tseirbhís seo. Istigh sa rannóg nuachta, tig leat
cuardach a dhéanamh de réir ábhair ar na céadta tréimhseachán, nuachtán agus
suíomh idirlín ó gach cearn den domhan, ina measc:
- Irish Times, Irish Independent,
Irish Examiner agus nuachtáin áitiúla
- The Times, New York
Times, Financial Times, Le Monde, Warsaw
Times, Economist, Harvard Business Review
Tá eolas ar chuideachtaí ar
fáil trí Global Company Research, agus tugann UK Law Journals
rochtain ar eolas dlí ó bhunachar sonraí d’irisí Briotanacha.
Tá an acmhainn seo ar fáil ar na ríomhairí poiblí sna leabharlanna ar fad i
Maigh Eo. Ní gá ach gliogáil ar an bhfillteán ‘Electronic Resources’ ar an
deasc.
|
|
Léarscáileanna na S.O. & Foclóir Topagrafach Lewis
I measc na léarscáileanna de chuid na Suirbhéireachta Ordnáis atá againn, tá:
- 6” daite ó 1829-41
- 6” Dubh & Bán 1829-41
- 25” Dubh & Bán
1897-1913
Foclóir Topagrafach Lewis:
D'fhoilsigh Samuel Lewis an dá imleabhar dá chuid “The Topographical Dictionary
of Ireland” den chéad uair sa bhliain 1837. Tugann sé mionchuntas ar gach
paróiste, baile, agus sráidbhaile in Éirinn, agus tugann sé sonraí i leith
dhaonra, gheilleagair, stair, thopagrafaíocht, agus chreideamh na gceantar seo,
mar aon le struchtúr an pharóiste, cúrsaí riaracháin agus scoileanna, i measc
ábhar eile.
Breathnaigh ar Léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordnáis ón mbaile (nasc
seachtrach; osclaítear fuinneog nua)
Tá an acmhainn seo ar fáil ar na ríomhairí poiblí sna leabharlanna ar fad i
Maigh Eo chomh maith. Ní gá ach gliogáil ar an bhfillteán ‘Electronic
Resources’ ar an deasc.
|
|