Seirbhísí
Seirbhísí Leabharlainne
Tá líonra fairsing brainsí ag Leabharlann Chontae Mhaigh Eo atá suite i ngach cuid de Chontae Mhaigh Eo, lena chuirtear 17 bpointe seirbhíse ar fáil.
Ta sé mar aidhm ag an Leabharlann an raon seirbhísí is leithne agus is féidir a chur ar fáil tríd an líonra brainsí agus a bheith lárnach i ngníomhaíochtaí a chuireann le forbairt eacnamaíochta, oideachais agus cultúir na bpobal áitiúla. Tá bailiúchán cuimsitheach acmhainní ar fáil i ngach brainse i bhformáid traidisiúnta agus uathoibríoch araon agus tá fáil ar an Idirlíon saor in aisce i 14 leabharlann de chuid Chontae Mhaigh Eo.