English | Gaeilge || Téacs amháin | A - A - A
Mayo County Library.  Leabharlann Chontae Mhaigh Eo.
Skip to Main Content
  • Fúinn
  • Déan Teagmháil Linn
  • Beartas Príobháideachta
  • Inrochtaineacht Láithreáin Ghréasáin
  • Séanadh
Tá tú anseo: An Leabharlann > Seirbhís Leabharlainne do Scoileanna
  • Baile
  • Déan do Leabhair a Athnuachan
  • Leabharlanna Brainse Chontae Mhaigh Eo
  • Staidéar Áitiúil
  • Foinsí Ginealais
  • Closleabhair ar líne
  • Áit Léitheoireachta
  • Céard atá ar siúl...
  • Leabhair a Foilsíodh
  • Seirbhísí do Pháistí
  • Seirbhísí
  • Seirbhís Leabharlainne do Scoileanna

Cuardaigh an Chatalóg

Nuacht Leabharlainne

  • Léamh le hEoghan Mac Giolla Bhríde
  • Seachtain na Gaeilge i Leabharlanna Mhaigh Eo
  • Ceol Traidisiúnta i Leabharlann Chlár Chlainne Mhuiris

Gach imeacht

Cuir d’ainm ar ár liosta seachadta

Lean an Leabharlann air Facebook

Seirbhís Leabharlainne do Scoileanna

Seirbhís Leabharlainne do Scoileanna - céim ar chéim i dtreo an léinn

Cuireann Seirbhís Leabharlainne Scoile Mhaigh Eo an iliomad eolais agus áiseanna ar fáil do na bunscoileanna ar fad i Maigh Eo.Tá Leabharlann Mhaigh Eo ag soláthar seirbhísí do 181 bunscoil faoi láthair, agus freastlaíonn siad ar 13,624 dalta tríd an gcóras sin. Tá an tSeirbhís Scoile lonnaithe i gCeanncheathrú na Leabharlainne, agus cuireann sí na seirbhísí a leanas ar fáil:

  • Seirbhís Malartaithe Leabhar
    Téann Leabharlann Soghluaiste na Scoileanna amach chuig gach bunscoil i gContae Mhaigh Eo faoi dhó in aghaidh na bliana acadúla ar a laghad. Bíonn teacht ag múinteoirí ar go leor áiseanna tríd an tseirbhís malartaithe leabhar seo, ina measc tá chnuasach “Leabhar Mór”, .i. leabhair le formáid mhór; leabhair le cló mór; leabhair ar téip, chomh maith le leabhair ficsin agus neamhfhicsin mhóréilimh dhuaisbhuaiteacha do pháistí.

  • Seirbhís Iarratais
    Tig le múinteoirí leabhair ar leith, leabhair le húdar ar leith, nó leabhair ar ábhar ar leith a iarraidh ón leabharlann. Seachadfar na nithe a iarradh chuig an scoil an chéad uair eile a théann an Leabharlann Soghluaiste amach chuig an scoil, ach má bhíonn práinn leis is féidir é a chur sa phost nó é a sheachadadh chuig an Leabharlann is cóngaraí don scoil i Maigh Eo.
  • Bailiúchán Dátheangach
    Tá bailiúchán speisialta de leabhair dhátheangacha ar fáil chun freastal ar riachtanais an lear mór scoláirí eachtrannacha a bhíonn ag freastal ar scoileanna i Maigh Eo.An téacs Béarla taobh le teanga amháin eile a bhíonn sna leabhair seo, mar shampla: Béarla/Gúisearáitis; Béarla/Somáilis; Béarla/Polainnis; Béarla/Urdúis etc. Acmhainní Ilchultúrtha
  • Bailiúchán Acmhainní do Mhúinteoirí (BAM)
    Is ann don bhailiúchán seo chun eolas agus cúnamh a thabhairt do ghnáthmhúinteoirí agus do mhúinteoirí riachtanas speisialta araon. I measc na n-ábhar a clúdaítear tá Uathachas; Bulaíocht, Páistí Tréitheacha, Féinmheas; NHEA srl.  Tugann an bailiúchán tús áite d'údair agus do leabhair a leagann amach straitéisí ar féidir cur i bhfeidhm sa bhaile agus sa seomra ranga. Is féidir Teacher Resource Collection a íoslódáil anois. (osclaítear fuinneog nua)
  • Sainseirbhís Léitheoireachta, ar fáil faoi atreorú
    Tá an tseirbhís seo á soláthar i gcomhar leis an Rannóg Urlabhra agus Teanga de chuid an FSS (Caisleán an Bharraigh).  Déantar roinnt páistí a bhfuil sé cinnte go bhfuil deachrachtaí teanga agus léitheoireachta áirithe acu a atreorú chuig an tSeirbhís Leabharlainne do Scoileanna chun páirt a ghlacadh i ndianchlár léitheoireachta.  Úsáidtear acmhainní teanga agus léitheoireachta ar leith a roghnaíodh go speisialta sa chlár seo.
  • Bailiúchán ‘Tadhaill, Clois agus Feic’
    Tá bailiúchán speisialta dar teideal ‘Tadhaill, Clois agus Feic" ar fáil do pháistí atá faoi mhíchumas, nó atá faoi mhíchumas ar bhreis is bealach amháin, agus cuirtear ar fáil do mhúinteoirí SEN (Riachtanais Spesialta Oideachais) chomh maith iad le húsáid sa seomra ranga.
  • Sainseirbhís do Mhúinteoirí Tacaíochta Foghlama agus do Mhúinteoirí Acmhainní
    Tá bailiúchán speisialta d’ábhar ar fáil i Rannóg na Leabharlainne Scoile. I measc na n-acmhainní atá ann tá ábhar léitheoireachta ‘Hi/Lo’ (do pháistí le spéis mhór ach cumas lag léitheoireachta) chomh maith le sraitheanna leabhar ar nós Wolf Hill, Story World, Sparklers, Gigglers, Barrington Stokes, agus go leor eile.
  • Seirbhís Comhairle
    Tugtar treoir agus comhairle i leith gach gné de litríocht, léitheoireacht agus forbairt litearthachta do pháistí. Tugtar comhairle agus saineolas chomh maith maidir leis an gcaoi chun leabharlann a bhunú agus a eagrú i scoil. Tugann an tSeirbhís Scoile cúnamh le himeachtaí agus ócáidí speisialta a bhaineann le leabhair, agus soláthraíonn siad leabharliostaí do pháistí ar réimsí éagsúla ábhar.

·      Léachtaí faoi Leabhair
Tugtar léachtaí do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí faoin tábhacht a bhaineann le leabhair agus leis an léitheoireacht.

·      Léirmheasanna ar Leabhair ó Pháistí Mhaigh Eo ar líne
Is féidir le dhaltaí Mhaigh Eo a gcuid léirmheasanna nó moltaí féin maidir le leabhair a scríobh agus a fhoilsiú ar líne sa chaoi go mbeidh teacht orthu ag páistí ar fud na cruinne.
Cuirtear an teicneolaíocht agus leabhair ag obair as láimh a chéile chun an tseirbhís seo a chur ar fáil, a bhfuil sé mar aidhm aige cabhrú le múinteoirí an léitheoireacht agus an scríbhneoireacht a spreagadh i measc daltaí sa seomra ranga.

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil leis an:

Seirbhís Leabharlainne do Scoileanna, Ceanncheathrú na Leabharlainne, Bóthar Sheáin de Móra, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
Fón: +353 (0)94 9047933
Ríomhphost: eotoole@mayococo.ie

 

 

Gach ceart ar cosaint. Cóipcheart 2001-2012. Ceanncheathrú Leabharlainne, Bóthar Sheáin Uí Mhórdha, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
Teileafón: +353 (0)94 9047922 | Facs: +353 (0)94 9026491 | R-phost: librarymayo@mayococo.ie