Cén chaoi a bheith i do bhall den Leabharlann
Bí i do bhall den Leabharlann
Cén aois a chaithfidh mé a bheith? Is féidir leat a bheith i do bhall ag aois ar bithConas ar féidir liom a bheith i mo bhall? Beidh aitheantas le grianghraf ag teastáil uait agus cruthúnas de sheoladh e.g. Ceadúnas Tiomána, Bille Fóntais etc.
Cá mhéad rud ar féidir liom a fháil ar iasacht? Faoi láthair is féidir leat 5 rud a fháil ar iasacht (ag brath ar an leabharlann), agus is féidir leat iad a mhalartú chomh minic agus is mian leat.
Cad is féidir liom a fháil ar iasacht? Tá leabhair, pacáistí teanga, físeáin, DVDanna, Dlúthdhioscaí Ceoil agus Closleabhair ar fáil ar iasacht.
Cén fhaid ar féidir liom rud a choinneáil? Uasmhéid de 2/3 seachtain (ag brath ar an leabharlann). Is féidir rudaí a athnuachan chomh fada agus nach bhfuil siad ag teastáil ó chustaiméirí eile. Murar féidir leat cuairt a thabhairt ar an leabharlann is féidir do thréimhse iasachta a shíneadh trí litir nó ar an teileafón nó tríd an nasc seo láithreán Gréasáin Leabharlainne
Cad é an scéal mura bhfuil an rud atá uaim ar na seilfeanna? Tá gach rud i leabharlanna Mhaigh Eo in airde ar chatalóg cuardaigh don phobal agus is féidir iad a sholáthar duitse trí chóras iarratais ar fud an chontae ach táille beag a íoc. Is féidir rudaí nach bhfuil ar fáil i Maigh Eo a iarraidh tríd ár gcóras iasachta idirleabharlainne
Cá mhéad a chosnaíonn sé? Daoine Fásta €3, Leanaí Saor in Aisce (lena n-áirítear Daltaí Bunscoile agus Dara Leibhéal) Mic léinn Tríú Leibhéal, Seanóirí & Daoine Dífhostaithe €1.
An bhfuil aon táille eile? Gearrtar fíneálacha ar rudaí nach dtugtar ar ais in am.

