English | Gaeilge || Téacs amháin | A - A - A
Mayo County Library.  Leabharlann Chontae Mhaigh Eo.
Skip to Main Content
  • Fúinn
  • Déan Teagmháil Linn
  • Mapa an tSuímh
  • Beartas Príobháideachais
  • Inrochtaineacht an tSuímh Idirlín
  • Séanadh
  • Beartais
Tá tú anseo: An Leabharlann > Leabharlann Cheoil
  • Baile
  • Cláraigh mar Bhall den Leabharlann
  • Déan do Leabhair a Athnuachan
  • Aimsigh Brainse
  • Staidéar Áitiúil
  • Léarscáileanna Mhaigh Eo
  • Foinsí Ginealais
  • Leabharlann ar líne
  • Leabharlann Cheoil
    • Banc Uirlisí Ceoil
  • Cúinne na Léitheoirí
  • Céard atá ar siúl...
  • Foilseacháin
  • Taispeántais ar fáil
  • Seirbhísí do Pháistí
  • Seirbhísí
  • Leabharlanna Scoile
  • Aiseolas
  • Naisc Mhaigh Eo

Catalogue Search

 
 

Library News

  • Club Leabhar Chaisleán an Bharraigh
  • Minding Ourselves, Cúrsa i gcothú meabhairshláinte
  • Club Leabhar Bhéal Átha hAmhnais

View all Events

Join Our Mailing List

Follow the library on Facebook and TwitterTwitter


Find, Request books & other items...

Leabharlann Iasachtaí Ceoil Music Generation Mhaigh Eo

Banc Uirlisí Ceoil

Tá Leabharlann Chontae Mhaigh Eo i bhfeighil trí bhanc uirlisí ceoil anois, i gCaisleán an Bharraigh, Béal an Átha agus Béal an Mhuirthead, a ligeann uirlisí ceoil amach ar iasacht. Cuireadh na bainc seo ar bun i gcomhar le Music Generation Mhaigh Eo de dhroim plean a chuir Rannóg Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo i dtoll a chéile. Is é ceann de na príomhbhearta leagtha amach sa phlean stráitéiseach do cheol sa chontae, arna chur i dtoll a chéile ag Comhpháirtíocht Oideachais Ceoil Mhaigh Eo, ná go gcuirfear uirlisí ceoil ar fáil ar phraghas réasúnta.

Seirbhís oideachais ceoil do pháistí agus daoine óga (0-18) i Maigh Eo is ea Music Generation Mhaigh Eo, agus titeann sé faoi scáth Music Generation, an Clár Náisiúnta Oideachais Ceoil curtha ar bun ag Music Network le maoiniú ó U2 agus The Ireland Funds. Tá Music Generation Mhaigh Eo, áfach, stiúrtha agus maoinithe i bpáirt ar bhonn áitiúil ag Comhpháirtíocht Oideachais Ceoil Mhaigh Eo (COC). Comhpháirtíocht idirghníomhaireachta is ea seo a bhfuil na heagraíochtaí a leanas páirteach ann: Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo, Fóram Pobail Contae Mhaigh Eo, Coiste Gairmoideachais Mhaigh Eo, Bord Forbartha Contae Mhaigh Eo, Ionad Oideachais Mhaigh Eo agus an Rannóg um Fhorbairt Chomhtháite agus Phobail de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo.

In 2011 chuir COC iarratas chuig Music Generation maoiniú a thabhairt do phlean nua straitéiseach agus idirghníomhaireachta a dhéanfadh oideachas ceoil a fhorbairt i gContae Maigh Eo. Ba é bunú banc uirlisí, a bheadh ar fáil don chontae ar fad, ceann de bunchloich ar a tógadh moladh COC Mhaigh Eo. Tháinig sé chun solais le linn an phróisis chuimsithigh chomhairliúcháin a tugadh faoi, go raibh na deacrachtaí a bhí ag daoine óga teacht ar uirlisí inacmhainne á gcur go mór ón gceol, agus go raibh banc uirlisí d'ardchaighdeán de dhíth dá bharr. Agus cur chuige nua á ghlacadh chucu chun maoiniú a fháil don bhanc uirlisí seo, chuir Fóram Pobail Contae Mhaigh Eo, mar pháirtí in COC, iarratas isteach faoin gClár Forbartha Tuaithe de chuid Chomhlacht Forbartha Iardheisceart Mhaigh Eo (SWMDC), 2007-2013 (LEADER).“Cuireann sé áthas ar Fhóram Pobail an Chontae a bheith in ann cuidiú leis an tionscadal seo, a osclóidh doirse don cheol do níos mó daoine óga” arsa Brendan Sammon, Cathaoirleach Fóram Pobail Contae Mhaigh Eo. “Maolóidh sé an brú airgeadais ar thuismitheoirí agus caomhnóirí araon, nach bhfuil sé d’acmhainn acu uirlisí ceoil a cheannach dá bpáistí faoi láthair, ach a bheidh in ann iad a fháil ar iasacht ó leabharlanna an chontae anois. Is mian leis an bhFóram aitheantas a thabhairt don SWMDC agus an NDP (LEADER) as an gcúnamh airgeadais a thug siad don tionscadal seo, agus iarraimid ar dhaoine óga in Iardheisceart Mhaigh Eo leas a bhaint as an áis seo agus uirlisí a fháil ar iasacht agus a chasadh.”

Banc Uirlisí Chaisleán an Bharraigh

Is i gCeanncheathrú na Leabharlainne Contae i gCaisleán an Bharraigh atá an chéad bhanc uirlisí lonnaithe, agus tosaíodh á gcur amach ar iasacht i mí na Bealtaine 2013.  Is féidir le daoine óga (0-18) i gceantar LEADER Iardheisceart Mhaigh Eo uirlisí a thógáil ar iasacht ón mbanc seo ar feadh 6 mhí, agus iad a choinneáil ar feadh 6 mhí eile mura bhfuil liosta feithimh ag an uirlis. (Tabhair faoi deara: níl ceantar uibeach Chaisleán an Bharraigh san áireamh sa limistéar seo. Is féidir le héinne as ceantar uirbeach Chaisleán an Bharraigh uirlisí a fháil ar iasacht ón mbanc i mBéal an Átha, más mian leo).

Más maith leat cur isteach ar uirlis ar iasacht, déan teagmháil le Richie Hickey i Leabharlann Chontae Mhaigh Eo ar 094-9047921, 087-6502633 nó rhickey@mayococo.ie. Ní mór do dhaoine a bheith ina mball den leabharlann chun uirlisí a fháil ar iasacht, agus ní mór do na foirmeacha iarratais – ar a bhfuil sonraithe na téarmaí agus coinníollacha – a bheith comhlánaithe agus sínithe ag tuismitheoir nó caomhnóir nuair atá an uirlis á bailiú.

Beidh éarlais mar aon le táille iasachta le híoc nuair atá an uirlis á tógáil ar iasacht. Íocfar an éarlais ar ais nuair atá an uirlis tugtha ar ais agus dea-chaoi uirthi.

Tá liosta na n-uirlisí mar aon leis na rátaí éarlaise/iasachta ar fáil ach gliogáil ar an nasc a leanas: 
Musical instrument list, Castlebar

Banc Uirlisí Bhéal an Átha

Freastlaíonn an banc seo ar thuaisceart Mhaigh Eo agus ceantar uirbeach Chaisleán an Bharraigh, agus tosaíodh ag ligean uirlisí amach ar iasacht i mí Mheán Fómhair 2014.  Tá an scéim á riaradh ag Leabharlann Chontae Mhaigh Eo agus tá na huirlisí á gcoimeád in Oifigí Cathartha Bhéal an Átha.

Gliogáil ar an nasc a leanas chun liosta na n-uirlisí a fháil: Musical instrument list, Ballina‌

Baineann na téarmaí agus coinníollacha céanna leis an mbanc seo agus a bhaineann leis an mbanc i gCaisleán an Bharraigh. (féach thuas)

Ba chóir d'éinne ar mhian leo uirlis a fháil ar iasacht, teagmháil a dhéanamh le Barbara Varley i leabharlann Bhéal an Átha: 096-70833; ríomhphost: bvarley@mayococo.ie.

Banc Uirlisí Iorrais

Freastlaíonn an banc seo ar cheantar Iorrais. Tá sé lonnaithe san Ionad Cathartha i mBéal an Mhuirthead agus riartha ag Leabharlann Chontae Mhaigh Eo.  

Is ionann na téarmaí agus coinníollacha a ghabhann leis agus Banc Chaisleán an Bharraigh (thuasluaite).

Gliogáil ar an nasc a leanas chun liosta na n-uirlisí a fháil:  Musical instrument list, Erris

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Kate Healy, Leabharlann Bhéal an Mhuirthead ar 097-82555 nó ar an ríomhphost khealy@mayococo.ie

 

Gach ceart ar cosaint. Cóipcheart 2001-2019. Ceanncheathrú Leabharlainne, Bóthar Sheáin Uí Mhórdha, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
Teileafón: +353 (0)94 9047922 | Facs: +353 (0)94 9026491 | R-phost: librarymayo@mayococo.ie