Tá tú anseo: An Leabharlann > Leabhair a Foilsíodh

Leabhair a Foilsíodh

Picture of Davitt le Bernard O'Hara. Click for more info.

Davitt le Bernard O'Hara


Beathaisnéis gonta agus maisithe de dhuine de na pearsana is mó cion orthu agus is mó meas orthu i stair na hÉireann, scríofa i gcomhthéacs a linne féin, is ea an leabhar seo. Cuimhneofar go deo ar Mhicheál Mac Daibhéid (1846-1906) mar "Athair Chonradh na Talún", ach ina theannta sin bhí meas air go hidirnáisiúnta mar iriseoir, ba údar é, ba MP é, sheas sé an fód do Rialtas Dúchais, agus ba cheannródaí ghluaiseacht an lucht oibre é sa Bhreatain agus in Éirinn.

Picture of The Famine in Mayo: a portrait from contemporary sources 1845-1850  curtha i dtoll a chéile agus curtha in eagar ag Ivor Hamrock. Click for more info.

The Famine in Mayo: a portrait from contemporary sources 1845-1850 curtha i dtoll a chéile agus curtha in eagar ag Ivor Hamrock


Ba é an Gorta Mór idir 1845-1849 an eachtra ba thragóidí i Stair na hÉireann. Bhí Maigh Eo ar na contaetha ba mheasa buailte ag an ngorta, agus aon trian dá muintir caillte nó imithe ar imirce. Tugann an leabhar seo léargas cuimsitheach ar an saol le linn an ghorta – ar an réim bia, ar dhíshealbhú, ar an imirce, ar thithe na mbocht, agus ar na bearta fóirithinte.

Picture of Present Tense Words & Pictures: poems and photographs from County Mayo curtha in eagar ag Macdara Woods agus Jim Vaughan . Click for more info.

Present Tense Words & Pictures: poems and photographs from County Mayo curtha in eagar ag Macdara Woods agus Jim Vaughan


Tugann an foilseachán seo léargas álainn dúinn ar Mhaigh Eo sa 21ú haois. Is trí phróiseas oscailte taiscthe a cuireadh an leabhar i dtoll a chéile, rud a spreag glórtha agus íomhanna úra chun teacht chun tosaigh. Is é aidhm an chnuasaigh ná filíocht agus grianghraif ón gcontae seo a chur ar taispeáint.

Picture of The Story of Mayo le Rosa Meehan. Click for more info.

The Story of Mayo le Rosa Meehan


Ceiliúrann The Story of Mayo gach gné de chontae Mhaigh Eo, idir a thírdhreach, a sheandálaíocht, a stair agus a mhuintir. Cheap Leabharlann Chontae Mhaigh Eo an leabhar seo ag breacadh na mílaoise úire, agus is taifead álainn físeach é ar an saol i gContae Mhaigh Eo ó na haoiseanna is luaithe go dtí an lá atá inniu ann.

AS CLÓ

Picture of A Mayo Moment: Snow Scenes from County Mayo le daoine éagsúla. Click for more info.

A Mayo Moment: Snow Scenes from County Mayo le daoine éagsúla


Toradh comórtais ghrianghrafadóireachta is ea A MAYO MOMENT: SNOW SCENES FROM COUNTY MAYO, a d’eagraigh an leabharlann chun an titim mhór shneachta um Nollaig na bliana 2000 a thaifeadadh. Leabhar aoibhinn don seomra suí is ea seo, ina fhaightear grianghraif de gach gné den saol i Maigh Eo ag casadh an chéid seo caite. Tá grianghraif ann ó gach cearn den chontae, agus clúdaíonn siad idir shaol na tuaithe, shaol an bhaile mhóir, oidhreacht, radharcanna áille agus an tírdhreach.

Picture of Shooting from the Lip: short stories from Mayo's new young writers curtha i dtoll a chéile agus curtha in eagar ag Ré Ó Laighléis. Click for more info.

Shooting from the Lip: short stories from Mayo's new young writers curtha i dtoll a chéile agus curtha in eagar ag Ré Ó Laighléis


Cnuasach cruthaitheach spreagúil scéalta ó scríbhneoirí óga Mhaigh Eo is ea 'Shooting from the Lip’, a foilsíodh ag Leabharlann Chontae Mhaigh Eo in 2001. Is toradh sraith cheardlann scríbhneoireachta a reáchtáladh i Maigh Eo leis an scríbhneoir Ré Ó Laighléis é an leabhar.

Picture of Mayo Libraries: memories, tales & anecdotes  le Mary Gavin. Click for more info.

Mayo Libraries: memories, tales & anecdotes le Mary Gavin


Stair shóisialta fhoireann Leabharlann Mhaigh Eo agus an phobail atá sa leabhar seo, ina n-instear na scéalta, cuimhní cinn, scéalta grá, ceiliúradh scoir agus scéilíní barrúla a tharlaíonn faoi choim, lena n-áirítear:

  • Rudaí aisteacha a rinne an pobal
  • Rudaí níos aistí fós a rinne an fhoireann
  • Mar a leigheasadh duine de chéislíníteas ainsealach

Rudaí aisteacha a aimsíodh i leabhair