Tá tú anseo:
An Leabharlann > Foinsí Ginealais
Foinsí Ginealais
Foinsí Ginealais
- Leabhar Cheaproinnt na nDeachúna circa 1830 – Taifead ar na sealbhóirí réadmhaoine i ngach paróiste agus an méid cánach a gearradh orthu le haghaidh chothabháil na heaglaise bunaithe. Roinnt paróistí in easnamh. (micreascannán)
- Luacháil Uí Ghríofa 1855-1857 – Liostaí de na sealbhóirí réadmhaoine i ngach baile fearainn i gContae Mhaigh Eo, ainm an duine ar léasaíodh an réadmhaoin uathu, agus méid an ghabháltais.
- Taifid Ghinealais Chontae Mhaigh Eo http://www.mayoancestors.com/ (nasc seachtrach: osclaítear fuinneog nua) – cuimsíonn an bunachar sonraí ionchuardaithe seo taifid na mbreitheanna/na mbaistí, na bpóstaí agus na mbásanna ó thimpeall 1850 go dtí 1900.
Taifid roimh 1901 de:
Taifid Eaglasta agus Shiabhialta na bPóstaí
Taifid Eaglasta na mBaistí agus taifid Shibhialta na mBreitheanna agus
Taifid Eaglasta na nAdhlacthaí agus taifid Shibhialta na mBásanna
Ní hionann túsdátaí na dtaifead Eaglasta uile, ag brath ar an bParóiste nó ar an bPobal, ach tosaíonn na taifid Shibhialta go ginearálta ón mbliain 1864, ach amháin i gcás póstaí Neamh-Chaitliceach Rómhánach, a thosaigh i 1845. Scriosadh na taifid ar roinnt paróistí de chuid Eaglais na hÉireann, go hiomlán nó cuid dóibh, i nDóiteán Oifig na dTaifead i 1922. (NB:
is suíomh gréasáin seachtrach é http://www.mayoancestors.com/, agus níl sé mar chuid de sheirbhísí ar líne Leabharlann Chontae Mhaigh Eo. Seirbhís táille is ea Mayoancestors.com, agus níl aon bhaint ag Leabharlann Chontae Mhaigh Eo leis na táillí a ghearrtar.)
- Daonáireamh na hÉireann 1901 & 1911 do Chontae Mhaigh Eo (micreascannán) – luann sé ainm gach aon duine i ngach teach, chomh maith lena n-aois, reiligiún, gairm, stádas pósta, gaol le ceann an tí, cumas léitheoireachta agus scríbhneoireachta, agus cumas labhartha Gaeilge.
Bunachar Sonraí Dhaonáirimh 1901 – Bunachar sonraí ionchuardaithe ina bhfuil eolas athscríofa ó dhaonáireamh na hÉireann, 1901, agus is féidir cuardach a dhéanamh air anois ar líne ag (nasc seachtrach: osclaítear fuinneog nua) Tá an bunachar sonraí maidir le Contae Mhaigh Eo, Contae Ros Comáin, Contae Liatrhttp://www.leitrim-roscommon.com/1901census/. oma, agus Contae Shligigh ann ina iomlán, agus tá cuid de Chontae na Gaillimhe ann. (rogha cuardaigh SOUNDEX ar fáil anois)
- Taifid Pharóiste – Buiríos Umhaill, Acaill, Baile Chruaich
- Taifid na mBaistí Meitidisteacha
Caisleán an Bharraigh 1829 - 1954
Béal an Mhuirthead 1851 - 1861
Cathair na Mart 1853 - 1862
- Inscríbhínní na Leac Uaighe – Seanreilig Chaisleán an Bharraigh, an tSeanreilig agus an Reilig Nua i Míleac, agus na Criothacha Dubha.
- Suíomh gréasáin deartha ag Pat Deese, taighdeoir leasmhar ginealais (nasc seachtrach: osclaítear fuinneog nua) http://freepages.genealogy.rootsweb.com/~deesegenes/- an-bhéim ar na bailte thart ar Chaisleán an Bharraigh agus Cathair na Mart, agus i measc an eolais tá taifid eaglasta, reiligí, póstaí, breitheanna srl.