Tá tú anseo: An Leabharlann > Foilseacháin > Kathleen Lynn

Kathleen Lynn: rebel, activist, doctor – úrscéal grafach nua foilsithe ag Comhairle Contae Mhaigh Eo

Kathleen Lynn: rebel, activist, doctor

Kathleen Lynn: rebel, activist, doctor – úrscéal grafach nua foilsithe ag Comhairle Contae Mhaigh Eo

Bhí Kathleen Lynn, arb as Maigh Eo ó dhúchas di, ar na chéad bhandochtúirí leighis a cáilíodh in Éirinn riamh, agus í ina bean óg ag tús an 20ú haois. Ghlac sí páirt sa ghluaiseacht le haghaidh ceart vótála, i gCumann na mBan agus sa Pháirtí Sóisialach Poblachtach a bhí faoi stiúir James Connolly.

Le linn Éirí Amach 1916 ba í Lynn an Príomhoifigeach Leighis in Arm Cathartha na hÉireann, agus ghlac sí páirt ghníomhach sa choimhlint i Halla na Cathrach. Chaith sí seal i ngéibhinn, díbeartha agus ar a teitheadh ina dhiaidh. Toghadh í don chéad Dáil agus í ina ball iomráiteach de Sinn Féin. Sa bhliain 1919 bhunaigh sí Ospidéal Naomh Ultain do Leanaí.

Rinne sí a dícheall le linn a saoil mar ghníomhaí, polaiteoir, dochtúir agus reibiliúnach chun saol na ndaoine is boichte agus is mó ligthe i ndearmad sa chathair a fheabhsú.

Gliogáil anseo chun téacs iomlán an leabhair a léamh ar líne - Kathleen Lynn: rebel, activist, doctor le Maeve Clancy (Béarla)