Tá tú anseo: An Leabharlann > Foilseacháin

The Story of Mayo le Rosa Meehan

Buy this book.

Picture of The Story of Mayo le Rosa Meehan.

Ceiliúrann The Story of Mayo gach gné de chontae Mhaigh Eo, idir a thírdhreach, a sheandálaíocht, a stair agus a mhuintir. Cheap Leabharlann Chontae Mhaigh Eo an leabhar seo ag breacadh na mílaoise úire, agus is taifead álainn físeach é ar an saol i gContae Mhaigh Eo ó na haoiseanna is luaithe go dtí an lá atá inniu ann. Scrúdaíonn sé carachtar mhuintir Mhaigh Eo agus na heachtraí uathúla ina saolta trína gcuid oibre de gach sórt, trína léiriú ealaíne agus cultúrtha, trína n-éachtaí oideachais agus spóirt, trína ndeasghnátha spioradáltachta agus a gcoimhlintí polaitiúla. Cuirtear brí sna briathra leis na céadta grianghraf a chuirtear leis, a léiríonn tuiscint agus meas ar Mhaigh Eo mar a bhí, agus mar atá. Scéal contae suntasaigh agus daoine athléimneacha atá sa leabhar seo, a chuimsíonn chuile rud ó na chéad fheirmeacha ag Achaidh Chéide go Conradh na Talún, agus ó Ghráinne Mhaol go Máire Mhic Róibín, céad banuachtarán na hÉireann. Rosa Meehan a scríobh The Story of Mayo agus Leabharlann Chontae Mhaigh Eo a táirgeadh é.

Léirmheasanna

"It is doubtful if a better or more beautiful way of describing (Mayo's) history can be found anywhere else. …If this is not already on the shelves of most Mayo households, it should be".
-The Irish Times

"Magnificent and an exceptionally illustrated popular history of the county and its people
-Books Ireland

Clúdach crua 393 leathanach ISBN 0951962442
Dáta foilsithe: 2003
LUACH €30 (costas poist san áireamh)

Fill ar liosta iomlán na bhfoilseachán