Tá tú anseo: An Leabharlann > Foilseacháin

The Famine in Mayo: a portrait from contemporary sources 1845-1850 curtha i dtoll a chéile agus curtha in eagar ag Ivor Hamrock

Buy this book.

Picture of The Famine in Mayo: a portrait from contemporary sources 1845-1850  curtha i dtoll a chéile agus curtha in eagar ag Ivor Hamrock.

Ba é an Gorta Mór idir 1845-1849 an eachtra ba thragóidí i Stair na hÉireann. Bhí Maigh Eo ar na contaetha ba mheasa buailte ag an ngorta, agus aon trian dá muintir caillte nó imithe ar imirce. Tugann an leabhar seo léargas cuimsitheach ar an saol le linn an ghorta – ar an réim bia, ar dhíshealbhú, ar an imirce, ar thithe na mbocht, agus ar na bearta fóirithinte. Tarraingítear sa leabhar seo ar fhoinsí comhaimseartha amháin chun scéal an Ghorta Mhóir a inisint dúinn. Baintear leas as cuntais fhinnéithe, taifid oifigiúla agus tuairiscí ó nuachtáin áitiúla na linne sin, agus maisítear le priontaí, grianghraif agus léarscáileanna é. Ivor Hamrock, Cuntóir Sinsearach Leabharlainne, a rinne an taighde agus a chur i dtoll a chéile.

Léirmheasanna:

Compulsive reading…….
Powerful and touching…..
This is easily in the running for the best local famine history we've seen.
-
Books Ireland

A comprehensive record of the famine and it's dire effects on the county. A visually pleasing and rewarding publication.
-Irish Times

A graphic and immediate picture of the horrors of the time.
-Sunday Tribune

Clúdach crua, 152 leathanach, 65 léaráid, ISBN 0951962450
Dáta foilsithe: 2004
LUACH €10 (costas poist san áireamh)

Fill ar liosta iomlán na bhfoilseachán