Tá tú anseo: An Leabharlann > Foilseacháin

Davitt le Bernard O'Hara

Buy this book.

Picture of Davitt le Bernard O'Hara.

Beathaisnéis ghonta agus maisithe de dhuine de na pearsana is mó cion orthu agus is mó meas orthu i stair na hÉireann, scríofa i gcomhthéacs a linne féin, is ea an leabhar seo. Cuimhneofar go deo ar Mhicheál Mac Daibhéid (1846-1906) mar “Athair Chonradh na Talún”, ach ina theanna sin bhí meas air go hidirnáisiúnta mar iriseoir, ba údar é, ba MP é, sheas sé an fód do Rialtas Dúchais, agus ba cheannródaí ghluaiseacht an lucht oibre é sa Bhreatain agus in Éirinn. B'fhairsing an réimse duine a raibh trua agus imní aige dóibh, idir fheirmeoirí tionóntacha, sclábhaithe talmhaíochta agus lucht oibre na Breataine; bhí sé ar son athchóiriú ar chóras na bpríosún agus ar an gcóras sóisialta, agus bhí luí aige leis na Bóraigh san Afraic Theas agus na Giúdaigh sa Rúis.

B'iomaí dúshlán a cuireadh roimhe le linn a óige: díshealbhú, oibrí i monarcha mar pháiste, timpiste oibre, Caitliceach óg Éireannach ag freastal ar scoil Phrotastúnach Shasanach, Fínín agus príosúnach ar phianseirbhís. Tháinig sé slán tríd le spiorad treisithe agus fís chun Conradh na Talún a chur ar bun, rud a réitigh an bealach don athrú a tháinig ar strúchtúr sóisialta thuath na hÉireann in aon ghlúin amháin.

B’ollmhór oidhreacht an Daibhéidigh ar Éirinn: tír beagnach saor ó chinsealacht na dtiarnaí talún, an talamh i seilbh na gcónaitheoirí, leag sé an bhunchloch do Stát a bheadh neamhspleách agus cuimsitheach, agus ba iontach an eiseamláir é de sheirbhís thírghrách phoiblí. Bhí sé aitheanta mar laoch na nGael i bhfad sular cailleadh é, ach ní dhéanfar dearmad choíche ar chaibidil an Daibhéidigh i scéal na tíre seo, agus is ceart dó a bheith aitheanta i measc na dtírghráthóirí ba mhó a bhí aici.

An tÚdar:

Is as Cill Lasrach, Co. Mhaigh Eo ó dhúchas é Bernard O’Hara, ach tá sé ag cur faoi i nGaillimh anois. Cláraitheoir Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo is ea é. I measc a chuid foilseachán roimhe seo bhí roinnt a bhain le stair agus oidhreacht Chontae Mhaigh Eo. Tá se ina Uachtarán ar Chumann Seandálaíochta agus Staire na Gaillimhe.

Clúdach crua, 136 leathanach, 40 léaráid, ISBN 0951962477
Dáta foilsithe: 2006
LUACH €18

Fill ar liosta iomlán na bhfoilseachán