Déan do Leabhair a Athnuachan
Déan do Leabhair a Athnuachan
Catalóg ar Líne Leabharlann Chontae Mhaigh Eo
Tá fáilte romhat chuig catalóg ar líne Leabharlann Chontae Mhaigh Eo. Féadfaidh tú do leabhair a athnuachan [ar líne anseo, féachaint a bhfuil leabhar ar leith a bhfuil spéis agat ann ar fáil in aon cheann dár mbrainsí nó a iarraidh go gcoinneofar ní éigin in áirithe ar do shon.
Tá Leabharlann Chontae Mhaigh Eo tiomanta go mbeidh an t-ábhar ar líne chomh héasca le teacht air agus is féidir. Cuireann soláthraí seachtrach catalóg ar líne na Leabharlainne ar fáil, áfach, agus d’fhéadfadh sé nach bhfuil na caighdeáin rochtana atá againn maidir le hábhar ar líne leabharlainne á bhaint amach faoi láthair. Tá obair á dhéanamh chun catalóg ar líne atá go hiomlán insroichte a chur ar fáil ach sa chás go mbíonn deacracht agat an catalóg a fháil, téigh i dteagmháil le do thoil le ceann de na leabharlanna brainse, áit a mbeidh foireann na leabharlainne brainse lánsásta cuidiú leat. Tá eolas teagmhála iomlána ar fáil i gcomhair na leabharlann ar fad i gContae Mhaigh Eo sa chuid “Aimsigh Brainse [” den láithreán Gréasáin seo.
Má theastaíonn acmhainn ar leith uait agus más cosúil nach bhfuil sé sa chatalóg, téigh go dtí an tSeirbhís Iasachta Idirleabharlann agus Iarrataí Speisialta [ atá againn le do thoil.

