Scéim Léitheoireachta Sláintiúla
Scéim Léitheoireachta Sláintiúla
Is beag duine a thagann slán tríd an saol gan gá dul i ngleic le deacracht mhothúchánach nó síceolaíoch am éigin. Is áis éifeachtach cúnaimh iad leabhair fhéinchabhracha uaireanta, bíodh go n-úsáidtear iad ina n-aonar nó in éineacht le cógas ordaithe nó tacaíocht ghairmiúil.
Seoladh Scéim Léitheoireachta Sláintiúla Mhaigh Eo in 2009 mar thionscnamh comhpháirtíochta idir FSS agus Leabharlanna Contae Mhaigh Eo, agus cuireadh liosta le chéile de leabhair shíceolaíocha fhéinchabhracha mholta. Tá breis ábhar curtha leis an liosta seo anois agus gheofar ina measc sraith leabhar féinchabhrach atá mar chuid den scéim náisiúnta Power of Words agus a théann i ngleic le raidhse deacrachtaí meabhairshláinte. Tá na leabhair nua uile léite agus molta ag daoine a oibríonn go gairmiúil le cúrsaí meabhairshláinte agus GPanna. Is féidir leat na leabhair seo a fháil saor in aisce ó do leabharlann áitiúil.
Tá cóipeanna de na leabhair nua ar fáil i leabharlanna Chaisleán an Bharraigh agus Bhéal an Átha, agus is féidir le daoine iad a fháil ó leabharlanna eile an chontae ach iarratas a dhéanamh orthu.
Tá tuilleadh eolais faoin scéim seo ar fáil ó Leabharlann Chontae Mhaigh Eo ar (094) 9047922 nó ó FSS ar (094) 9042019.

Seoladh Scéim Léitheoireachta Sláintiúla i Leabharlann Bhéal an Átha. Feicfear sa ghrianghraf Austin Vaughan, Leabharlannaí an Chontae; Barbara Varley, Leabharlannaí Feidhmiúcháin, Leabharlann Bhéal an Átha; An Comhairleoir Seamus Weir; James Horan; Laurence Gaughan agus Dr. Meena O'Neill, Príomhshíceolaí FSS.
Dar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte “Tá cúig faoin gcéad ar an laghad den daonra [daonra na hEorpa] ag fulaingt de bharr meabhairghalair tromchúiseach ar féidir a dhiagnoísiú agus .... tá fadhbanna meabhairshláinte níos ginearálta ag gabháil ar idir 15 agus 20 faoin gcéad de dhaoine fásta na Eorpa” (Tuarascáil Sláinte Domhanda 2001 – Meabhairshláinte: Tuiscint nua, Dóchas Nua). Ach tá geis shuntasach fós ag baint le deacrachtaí meabhairshláinte – is féidir le rud chomh simplí le leabhair a bhaineann le saincheisteanna meabhairshláinte a bheith ar fáil i leabharlann phoiblí, agus iad insroichte agus ar fáil do gach duine, cabhrú chun an stiogma sin a laghdú, agus cur le feasacht i leith na saincheisteanna sin in intinn an phobail.
Mura bhfuil tú i do bhall den leabharlann cheana féin, ní gá ach bualadh isteach chuig do leabharlann áitiúil áit a mbeidh an fhoireann ansin breá sásta cuidiú leat ballraíocht a fháil.


