English | Gaeilge || Téacs amháin | A - A - A
Mayo County Library.  Leabharlann Chontae Mhaigh Eo.
Skip to Main Content
  • Fúinn
  • Déan Teagmháil Linn
  • Beartas Príobháideachta
  • Inrochtaineacht Láithreáin Ghréasáin
  • Séanadh
Tá tú anseo: An Leabharlann > Closleabhair ar líne
  • Baile
  • Déan do Leabhair a Athnuachan
  • Leabharlanna Brainse Chontae Mhaigh Eo
  • Staidéar Áitiúil
  • Léarscáileanna Mhaigh Eo
  • Foinsí Ginealais
  • Leabharlann Cheoil
  • Closleabhair ar líne
  • Aip iPhone Saor in Aisce
  • Áit Léitheoireachta
  • Céard atá ar siúl...
  • Leabhair a Foilsíodh
  • Taispeántais ar fáil
  • Gailearaí Grianghraf
  • Seirbhísí do Pháistí
  • Seirbhísí
  • Seirbhís Leabharlainne do Scoileanna
  • Comórtas Scríbhneoireachta

Cuardaigh an Chatalóg

Nuacht Leabharlainne

  • Club Leabhar Chaisleán an Bharraigh
  • Club Leabhar Bhéal Átha hAmhnais
  • Michael Longley i Leabharlann Chluain Cearbán

Gach imeacht

Cuir d’ainm ar ár liosta seachadta

Lean an Leabharlann air Facebook

Íoslódáil Closleabhair ón Idirlíon

Íoslódáil Closleabhair saor in aisce ón idirlíon

  • Ní theastaíonn uait ach uimhir do chárta Leabharlann Chontae Mhaigh Eo agus do PIN
  • Íoslódáil ó áit ar bith, am ar bith, seacht lá na seachtaine
  • Rogha de 600 leabhar
  • Leabhair nua á gcur leis gach mí
  • Comhaid MP3 atá iontu a réitíonn le do ríomhaire, do sheinnteoir MP3, d'iPod nó le do ghuthán póca.

Seo blaiseadh den rogha teideal atá ar fáil faoi láthair:

  • Stieg Larsson - The Girl Who Kicked the Hornets' Nest
  • David Nicholls - One Day
  • Hilary Mantel - Wolf Hall
  • Sophie Kinsella - Twenties Girl

Is bealach iontach é seo ábhar léitheoireachta a bhreith leat ar saoire gan toirt a chur le do mhála (agus táillí breise a íoc dá bharr!) Tig leat éisteacht le do leabhair ar an eitleán, ar thraein, nó sa charr – níl teorainn leis na féidearthachtaí!

Cover images of titles available for download from Mayo County Library

 

Seo chugat blúiríní eolais chun cuidiú leat agus tú ag tosú amach

Céard is féidir liom a fháil ar iasacht?

Toisc gur féidir closleabhar a thabhairt ar iasacht do bhreis is duine amháin ag aon uair amháin, tá na hiasachtaí i bhfad níos solúbtha. Ceadaítear suas le deich gclosleabhar an duine ag aon uair amháin, agus nuair a íoslódáiltear iad bíonn fáil orthu ar feadh na gnáth-thréimhse leabharlainne, .i. trí seachtaine. Déantar iad a athnuachan díreach trí do chuntas NetLibrary ar líne.

Céard is gá dom a dhéanamh agus mé ag tosú amach?

Ar an gcéad dul síos, beidh ort clárú le NetLibrary – an clár a chuireann an tseirbhís ar fáil – agus cuntas a chruthú leo saor in aisce. Bain úsáid as na naisc thíos chun teacht ar an tseirbhís agus chun freagraí a fháil ar cheisteanna coitianta.

Chun clárú le NetLibrary, ní mór duit logáil isteach ar shuíomh idirlín na leabharlainne ar dtús le huimhir do chárta leabharlainne agus do PIN. Nuair a logálann tú isteach, gliogáil ar an gcnaipe "Acmhainní Suibscríofa". Gliogáil anseo chun logáil isteach ar shuíomh idirlín na leabharlainne.

Gliogáil anseo chun logáil isteach má chláraigh tú cheana le NetLibrary.

 

 

Gach ceart ar cosaint. Cóipcheart 2001-2013. Ceanncheathrú Leabharlainne, Bóthar Sheáin Uí Mhórdha, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
Teileafón: +353 (0)94 9047922 | Facs: +353 (0)94 9026491 | R-phost: librarymayo@mayococo.ie