Date(s): 15 Feabhra - 8 Márta 2017 8:00 i.n. - 9:30 i.n.
Email: bkavanag@mayococo.ie
Phone: +353 (0)87 9064252
Cé chomh maith is atá tú ag tabhairt aire do do mheabhairshláinte? Céard iad príomhairíonna an struis? Conas is féidir linn uile a bheith níos ábalta ag strus? Céard is aireachas ann? Céard is féidir leat a dhéanamh gach lá chun aire níos fearr a thabhairt duit féin?
Seo roinnt de na ceisteanna a phléifear le linn an chúrsa nua fíorspéisiúil seo a reáchtálfar thar 4 seachtaine. Minding Ourselves is ainm dó agus beidh sé ar siúl i Leabharlann Chaisleán an Bharraigh i mí Feabhra agus Márta. Cíorfaidh an Síceolaí Oibre Paul Marsden gné éagsúil den mheabhairshláinte gach seachtain, ag díriú ar mheon dearfach agus láidreacht intinne a threisiú. Is mar a leanas a leagfar amach an cúrsa:
Dé Céadaoin, 15 Feabhra - Strus a thuiscint agus acmhainn a fhorbairt ina choinne Cuid 1
Dé Céadaoin, 22 Feabhra - Strus a thuiscint agus acmhainn a fhorbairt ina choinne Cuid 2
Dé Céadaoin, 1 Márta - Bunchúrsa Aireachais
Dé Céadaoin, 8 Márta - Leideanna
Cosnaíonn sé €5 an tseisiúin, agus moltar áit a chur in áirithe. Déan teagmháil le Bernie ar 087 9064252.