Date(s): An Chéadaoin, 7 Eanáir 2015 1:00 i.n.
Email: avaughan@mayococo.ie
Phone: +353 (0)94 0947923
Seoladh Scéim Léitheoireachta Sláintiúla Mhaigh Eo i Leabharlann Bhéal an Átha le déanaí. Is éard atá i gceist leis an tionscnamh comhpháirtíochta seo idir FSS agus Seirbhísí Leabharlainne Chomhairle Contae Mhaigh Eo ná raon leathan leabhar féinchabhrach ar raidhse deacrachtaí coitianta síceolaíocha, mothúchánacha agus tuismitheoireachta a chur ar fáil agus a chur chun cinn. Agus í ag labhairt ag seoladh na scéime, bhí an méid a leanas le rá ag an Dr. Meena O'Neill, Príomhshíceolaí FSS: "Tugann Scéim Léitheoireachta Sláintiúla rogha eile do dhaoine agus iad ag dul i ngleic le deacrachtaí coitianta síceolaíocha. Ina theannta sin, cuireann sé ábhar síceolaíoch a d'fhéadfadh a bheith an-éifeachtach nuair a úsáidtear i gceart é ar fáil láithreach agus saor in aisce do líon mór daoine." Léigh a thuilleadh faoi...