Date(s): Samhain 2014
Email: avaughan@mayococo.ie
Phone: +353 (0)94 9047923
Tá gradam Leabharlann na Bliana de chuid na nDámhachtainí um Fheabhas sa Rialtas Áitiúil, urraithe ag Chambers Ireland, gnóthaithe ag Leabharlann Chontae Mhaigh Eo. Ba í an Scéim Iasachta Uirlisí Ceoil a thuill an gradam seo don Leabharlann, scéim a ligeann d'éinne sa chontae uirlis cheoil a fháil ar iasacht óna leabharlann áitiúil ar feadh sé mhí. Tá an scéim seo faoi stiúir na leabharlainne agus á mhaoiniú ag Music Generation Mhaigh Eo, comhpháirtíocht bunaithe ag Oifig Ealaíon Mhaigh Eo.