Tá tú anseo: An Leabharlann > Céard atá ar siúl...

What's On

Seachtain na Gaeilge i Leabharlanna Mhaigh Eo (Leabharlanna Mhaigh Eo)

Date(s): 4-17 Márta, amharc ar an gclár imeachtaí 

For More Information, Contact:


Email: library@mayococo.ie
Phone: +353 (0)94 9047922

Details:

 

Is féile í Seachtain na Gaeilge a spreagann úsáid theanga agus chultúr na Gaeilge. Is cuma más cainteoir dúchais nó foghlaimeoir nua atá ionat bain triail as! Tá go leor ar siúl i Leabharlanna Mhaigh Eo le haghaidh Seachtain na Gaeilge, le páistí ó bhunscoileanna áitiúla ag baint sult as seisiúin scéalaíochta le Sheena Duddy, ag glacadh páirte i gCeardlanna Lámhchleasaíochta le Ciarán Sinclair agus ag baint sult as seónna puipéid le Little Gem Puppets.

Chomh maith le sin beidh oíche mhór cheoil le Joe Byrne agus Vinnie Kelly i Leabharlann Chlár Chlainne Mhuiris agus tráthnóna cócaireachta agus caoladóireachta i Leabharlann Bhaile Chathail. Féach thíos le haghaidh an clár imeachtaí:

Leabharlann Chaisleán an Bharraigh:

Dé Máirt 11ú Márta
Ceardlanna Lámhchleasaíochta le Ciarán Sinclair @ 10.00am agus 11.30am

Leabharlann Bhéal an Átha: 

Dé Céadaoin 12ú Márta
Ceardlanna Lámhchleasaíochta le Ciarán Sinclair @ 10.00am

Dé hAoine 14ú Márta
Ceardlanna Lámhchleasaíochta le Ciarán Sinclair @ 11.45am

Leabharlann Bhaile an Róba:

Dé Máirt 11ú Márta
Scéalaíocht le Sheena Duddy ag 12.15pm

Leabharlann Bhéal an Mhuirthead:

Dé hAoine 14ú Márta
Spraoi na gCleamairí le Colm de Bháldraithe ag 11.00am

Leabharlann Bhéal Átha hAmhnais:

Déardaoin 13ú Márta
Fuaimdreach - léitear scéal agus cumann na páistí fuaimeanna le dul leis an scéal le Colm de Bháldraithe ag 1.30pm

Leabharlann Chrois Mhaoilíona:

Dé hAoine 14ú Márta

Ceardlanna Lámhchleasaíochta le Ciarán Sinclair @ 10.00am

Leabharlann Bhaile Chathail:

Dé Máirt 11ú Márta
Seó Puipéad: 'Na Muicíní Beaga' agus 'Maggie agus a chairde' le Little Gem Puppets @ 10.30am

Dé Máirt 11ú Márta
Cócaireacht agus Caoladóireacht san leabharlann le Kathleen McNea @ 7.30pm

Leabharlann Chlár Chlainne Mhuriis:

Déardaoin 6ú Márta
Seó Puipéad: 'Na Muicíní Beaga' agus 'Maggie agus a chairde' le Little Gem Puppets @ 10.30am

Déardaoin 13ú Márta
Maigh Eo agus an ceol: caint ar cheol Mhaigh Eo le ceol agus amhránaíocht le Joe Byrne agus Vinnie Kelly @ 8.00pm

Leabharlann Bhéal Átha na Muice:

Déardaoin 13ú Márta
Fuaimdreach - léitear scéal agus cumann na páistí fuaimeanna le dul leis an scéal le Colm de Bháldraithe ag 10.30am

Leabharlann Chathair na Mart:

Déardaoin 7ú Márta 
Seó Puipéad: 'Na Muicíní Beaga' agus 'Maggie agus a chairde' le Little Gem Puppets @ 11.00am

Dé Céadaoin 12ú Márta
Ceardlanna Lámhchleasaíochta le Ciarán Sinclair @ meánlae

More Information (doc-75)

View All Library Events