What's On
Déanfar comóradh ar Fhrithdhúnadh Mór 1913 i Maigh Eo (Leabharlann Chontae Mhaigh Eo)
Date(s): Mí Mheán Fómhair Amanna le socrú
For More Information, Contact:
Email: avaughan@mayococo.ie
Phone: +353 (0)94 9047923
Details:
Eagrófar sraith imeachtaí i mí Mheán Fómhair i gContae Mhaigh Eo chun comóradh a dhéanamh ar an bhFrithdhúnadh Mór i 1913. Ina measc seo beidh leabhair á ndáileadh saor in aisce, léamhanna, léachtaí agus comórtas do scoileanna. Beidh na himeachtaí uile thíosluaite saor in aisce agus á n-eagrú ag Coiste na Comhairle um Straitéis Chuimhneacháin.
- Contae Amháin, Leabhar Amháin – dáilfear 500 cóip den leabhar Strumpet City ar mhuintir Mhaigh Eo i mí Lúnasa 2013. Buail isteach ar do leabharlann áitiúil chun cóip d'úrscéal cáiliúil James Plunkett atá suite in aimsir an Fhrithdhúnta a fháil. Dáilfear na leabhair ar na daoine is túisce a thagann á lorg. Iarrtar ar dhaoine an leabhar a léamh agus teacht ina dhiaidh sin chuig an léacht nó an léamh a bheidh á eagrú againn nuair a phléifear an leabhar go neamhfhoirmiúil. Iarrtar ar chlubanna leabhair go háirithe an leabhar a léamh.
- Strumpet City agus Stair Shóisialta – léacht ag an Dr. Catriona Clear (OÉ Gaillimh) i Leabharlann Chaisleán an Bharraigh – 18 Meán Fómhair
- Léamh dhrámatúil ó Strumpet City – ag an aisteoir Bryan Murray a raibh páirt aige in Strumpet City agus Fair City – Leabharlann Chaisleán an Bharraigh – 25 Meán Fómhair
- Cur i láthair do scoláirí dara léibhéil ag an Dr Michael Mulchrone, Ollamh Emeritus i Staidéar Cumarsáide ó Ollscoil Portland, Oregon. Déan teagmháil le Austin Vaughan ar 094 9047923 chun léacht a chur in áirithe.
View All Library Events