Date(s): Déardaion, 25 Aibreán 2013 7.30 i.n.
Email: mkeane@mayococo.ie
Phone: +353 (0)98 66658
Tá Michael Longley ar na filí is mó le rá in Éirinn; is as Béal Feiriste ó dhúchas é agus tá breis is dhá chnuasach déag d'fhilíocht foilsithe aige. Bhuaigh sé Duais Filíochta Whitbread, Duais Hawthordon, Duais TS Eliot agus Duais Litríocht Éireannach an Irish Times i gcomhair Filíochta, agus tá Bonn Óir na Banríona i gcomhair Filíochta aige mar aon le bheith ina Ollamh Éireann le Filíocht. Bronnadh CBE air sa bhliain 2010 mar chuid de Liosta Ghradam na Banríona ar a Breithlá, agus is Comhalta d'Acadamh Ríoga na Litríochta é. Is mar a leanas a chuir an Irish Times síos ar A Hundred Doors - an cnuasach is úire aige agus a bhuaigh Duais DLR Poetry Now in 2011 - "a creaturely work of blessing and acceptance, crafted and generous and sure". Agus beagnach caoga bliain caite aige ag scríobh, is léir óna shaothar gurb í an cheardaíocht bunús dá thaithí éifeachtach ar an ionadh agus an grásta a bheith beo sa saol réadúil. Ach dar leis féin, ba chóir go mbeadh an fhilíocht ina ghnáthghníomhaíocht do dhaoine, agus ba chóir go mbainfeadh sé leis an raidhse rud a tharlaíonn do dhaoine.
Bí linn i Leabharlann Chluain Cearbán Déardaoin 25 Aibreán agus tapaigh an deis duine de na filí is fearr in Éirinn a chloisteáil. Tá líon na spásanna teoranta, agus ba cheart teacht go luath chun suíochán a fháil. Tosaíonn an léamh ar 7.30 i.n.